Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 17
ÁTH NGRENCHA
- Áth nGrencha, coímchlóifid ainm
do gním Chon, rúanaid rogairb:
fail sund gabuil cethri m-benn
do cheist for feraib Érenn.
- Fail for dá m-beinn, mana n-áig,
cenn Fraích ocus cenn Fochnáim:
fail araile for dá m-beinn
cenn Eirr ocus cenn Innill.
- Cethrur arad, érimm nglé,
maic Auraird maic Ainchinne,
aslúi a fuil fo lerga,
at ruamnaidi roderga.
- Ogam fail sin gabuil glúair,
findat na druíde co h-úain:
is cía dorat innti in tshain,
cía lín roscland h-i talmain.
- In gabul gúr co lín gus
adchíu sunda, ar Fergus,
rothesc oen-fher, as mo chin,
do buille chrithir chlaidib.
- Rosfuach is rosfuc ria aiss,
cid ed, nírb engnam imthaiss,
is dosfarlaic sís iarsin
dia gait d' fhir úaib a talmain.
p.80
- Aurard, romert isin maig
i carput Chruain is Chnámraid:
i Fán Chrúain forsin tshlige
fofúair bás is bith-bine.
- Araid Orlaim, arduscíu,
i combuch i cróligiu
(mo chin rosmerta), míad ngann.
eter lechta is láem-anmann.
- Aurard sund, cid mór a mag,
rolúaid brón in gabul glan,
forsa m-batar cind a macc:
robo thind int athchomarc.
- Áth nGrencha a ainm, mad cose,
méraid la cách a chuimne:
bid Áth nGabla a ainm co bráth
ón gabuil adchí 'sin áth. A.