Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem/story 14
TUAG INBER
BARD MAILE cecinit
- Túag Inber álaind, gáeth glass,
in eól dúib a dindshenchas?
in cualabair cen chaire
senchas Túaige tond-glaine?
- Túag, ba taitnemach a dath,
ingen Chonaill Chollomrach:
rosalt asa ligi shiúil
Conaire mac Etersciúil.
- Inmain leis a dalta dron
la ríg n-Érenn, nírb úabor,
co tart h-i Temraig na trét
slúag ingen dia h-imchomét.
- Áes trí cóic m-blíadna cen brath
roalt ingin a bráthar:
ní léictis fir duib ná find
chuici 'na gríanán glé-grind.
- Ó rogabsat ríg rige
tochmarc Túaige tond-gile,
rochúala Manannán mass,
co roscar h-i cét-shercas.
- Cartais Manannán mac Lir
techta úad dia h-indsaigid
otá tech Manannáin múaid
fri Túaig Inbir anairthuaid.
- Ainm in techtairi 'ca thig
ba Fer Fí mac Eogabail,
dalta do mac Lir na lann
druí de thúathaib Dé Danann.
p.60
- Atnaig in druí, mar rodlecht,
ir-richt óc-mná for imthecht,
cor-ránic in gríanán nglan
i m-bátar ind ingenrad.
- Anais in druí h-i Temraig thind
teora aidchi oc Túaig théit-bind,
fo deilb mná dia muintir mais,
fo chórus chóir chomthanais.
- Sin chethramaid tráth, ba tróg,
canais bricht in druí dímór:
i n-aidchi lúain, col-lín mod,
tuc leis Túaig 'na trom-chotlod.
- Dosrat fora muin, mét chless,
ocus roseind súan-traiges,
ó thaig Themra, cen taisse,
cor-rind Banba barr-glaisse.
- Fosruirim 'na súan 'sin tráig:
luid d' iarrair ethair imláin:
dotháet in tond tuile tig,
báidis dia éis in n-ingin.
p.62
- Imthús in drúad, cen cor' dess,
ó 'tchuala in droch-scél díless,
rosmudaig Manannán mer
úair nách ríacht leis ind ingen.
- Inber nGlasgamna na ngním
rop ed a ainm cen anfhír
co tánic díth mná meic Lir,
conid de atá Túag Inbir. T.
- Dodechaid Conaire cóir
il-lurg a daltai dímóir:
oirgis Elle is Lé malle
i n-dígail tiug-báis Tuaige. T.
- Trí tonna h-Érenn uile,
Tonn Chlidna, Tonn Rudraige,
in Tonn robáid mnaí meic Lir
tathig tráig ic Túaig Inbir. T.
- Ba bec Banna, roboí tan,
dia m-beth nech las' bad chuman:
noslingtis mná is maic immach
ria maidm lond locha Echach.
- Eocho mac Maireda mais
mac ríg Caisil chomadais
roléic seirc dó 'na thír thend
ard-ben a athar Eblend.
p.64
- Eblend, ingen Guairi gil,
a Brug maic ind Óc adbail,
is uadi sin iar sine
atberar slíab n-Ebline.
- Eocho ocus Eblend ena
imgabsat maith Maireda,
élait do lár Chassil Chaiss
co Brug maic ind Óc amnaiss.
- Nirb úathad don dédiu dil
co n-almaib co n-indilib:
míle fer mór, maídit raind,
scurset cen brón oc Bóind.
- Boí fer ara cind cen chess:
dlomais dóib da thír díless,
ocus marbais, mór ind neim,
a m-búar uile in n-aidchi sin.
- Ansat dar ergaire ind fhir
fescor d' adaig 'na tigib:
dotháet chuccu, foceird úail,
marbais a n-eochu i n-óen-úair.
- Iarsein atbert athesc n-ard
ri mac Maireda mór-garg:
Mani dingbaid dím, chena,
mairfet-sa far muintera.
- At móra th' uilc rind, a laích,
ar mac Maireda mór-gaíth:
ní rucam lind ar crod cain
iar n-díth ar ngrega glomraig.
- Co tart dóib Oengus cen fhell
ech mór, mó d' echaib Érenn,
dia n-idnacul ón Bóind braiss
f'a crud, cid cían noragtais.
p.66
- Atbert Óengus ilair ngal
na roscurthea int ech ingnad
noco lessed lige líuin
i n-óen na n-íath-mag n-aníuil.
- Atbert a chartad for cúl
ind eich móir cosin mírún
suil shiled fúal, fechoir ngnás,
arnach tísad a tiug-bás.
- Dothiagat dia domnaig dil
im-mís medóin fhogamair:
laigis int ech iar n-uide
fescor lúain il-Líathmuine.
- Ataig cách a chrod co cert,
gatsat dind eoch i n-óen-fhecht,
ní thart nech díb, ba dál borb,
agaid ind eich 'na athlorg.
- Uair rofuirged and cen on
int ech, dogní a immarchor:
silis accu int ech angbaid
corbo thipra is' trom-thalmain.
- Dotháet Eocho, aille dremm,
dogní tech inna thimchell,
córaigis comlaid cen chol
forin tiprait dia bádod.
p.68
- Atnaig Eochu i cocud crúaid
ri claind Rudraige rorúaid:
rannais ri Muiredach Menn
ard-rígi n-Ulad n-Érenn.
- Airechas n-Echach iarsin
sáegul noídecdai i n-Emain:
ataig col-láechraid Line
úair thánic dó a thairngire.
- In tipra thall ina thaig,
óen-ben and 'ca athigid:
fecht ná rosíad in ben búan
atracht Lindmuine lind-úar.
- Ó rolín topor tuile
lergga lána Líathmuine:
bádis Eocho cona chlaind,
acht mac dia ngairthea Conaing.
- Conid ó Chonaing cen chess
rocinset in chland chomdess,
Dál sáer Selle, slúag cor-rath,
ocus Dál mBúan m-bendachtach.
- Bennacht for ordan maic Dé,
rolethnaig ler Líathmuine:
is desin atá in gáeth glan,
loch maic Maireda Muman.
- Maidm locha Echach na n-ess
cét iar ngein do Día díless
dorat bríg don Bannai bil
dar cech tír co Túaig Inbir. T.
- Rop sen in flaith, fegait raind,
tairnec i n-Ailiuch oebind,
Níall, rodnerta Dia de nim
don táib thíar do Thuaig Inbir. T.
p.70