Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 13

DRUIM CRIAICH

Cuán Úa Lothcháin cecinit
  1. Druim Crïaich, céte cét cúan,
    ciasa díthrub, ní dimbúan:
    cid Druim Crïaich, ba Druim Cró,
    's Druim n-úar n-Airthir i n-óen-ló.
  2. Ágmar in t-áth, Áth Commair,
    asar' dáiled deog thonnaid
    dona tri Findaib Emna
    óa n-athair ar óen-berna.

  3. p.44

  4. Ard cach n-écht dorochair and,
    ard a slondud na sáer-chland,
    ard in coscur, ard in cath,
    dorala do ríg Themrach.
  5. A thrí maic táncatar riss
    ri Eochaid fírén fid-liss:
    gním dia tánic dóib díbad,
    a n-deg-athair d'athrígad.
  6. A h-Emain éirgset na slúaig
    dar Loch Febail, dar Ess Rúaid,
    dar Duib, dar Drobais, dar Dall,
    dar Slicech, dar sen-Chorann,
  7. Dar Segais súas, im-Mag Luirg,
    im-Mag n-Áï erctais fuidb,
    i clár na Crúachna cróda
    na trí catha commóra:
  8. Cath im Lothur, cath im Nár,
    cath im Bress, fors' tardad sár:
    trí trichait cét cach catha
    co n-arm-scíathaib il-datha.
  9. Andsin dosfarraid Clothru;
    (cía dub-dál, ropo dochlú,)
    siur Breiss is Náir is Lothair,
    ingen Echach il-chrothaig.
  10. Co rosbréc dia póic phecda
    do shaigthin a comleptha,
    combad olc a fír catha
    i n-agaid a n-ard-fhlatha.

  11. p.46

  12. Cingset assin Chrúachain chrúaid
    túathbel n-Érenn dar Áth Lúain:
    lotar ar fut Midi maiss
    dar Áth Féne, dar Findglaiss,
  13. Dar Gort Tarsnu, dar Gort Druing,
    dar Glais n-Elta itir dá druimm;
    Druim n-Airthir, imluaitis eich,
    ba h-ainm dó ria nDruim Crïeich.
  14. Orru ria techt dar Druing tair
    cunchis ossud on athair
    co cend mís can chreich cen chath,
    ri telcud no ri giallad.
  15. Ba gabáil etma don ríg
    immar tharras ina thír:
    acht trí cert-trichait cét cain
    ní fúair tóir ná tessarcain.
  16. Tricha cét airech n-arsaid,
    tricha cét do chomamsaig,
    tricha cét ó múr immach
    do cholomnaib na Temrach.
  17. Fir na Temrach da leith chlí,
    's é féin ar medón in rí,
    a amais da leith for deis:
    ní thart ócu i n-éisleis.
  18. Cechaing Eochaid don chath chass
    óshin co Commar Dá Glass:
    isin chnuc fri h-áth anair
    tarblaing flaith fírén Fabair.
  19. Anais re troscud andsin
    rí Hérenn in n-aidchi sin:
    garit ó Chommur co Delt
    re tochell re techtairecht.

  20. p.48

  21. Rothreissetar a throscud
    a thrí maic co míchostud:
    ráidset friss, faichled in cath
    isin matin imbárach.
  22. Atbert in techtairi thair
    ri ríg n-Herenn, re Eochaid:
    ‘A shein, chucaib na firu,’
    ‘na bíd in far marb-ligu.’
  23. ‘Bress aness, immar atá,’
    ‘do throit risna colomna,’
    ‘Lothur chucut-su rosaig,’
    ‘ocus Nar cussin n-amsaig.’
  24. Nertmar atbert Eochaid and,
    ‘Beti mar tát a n-anmann:’
    ‘Bres, bid bres bréci, cid bras,’
    ‘bid fadb lemm Lothur leth-glas.’
  25. ‘Bid nél do Nár, ní ba nert,’
    ‘tíachtain chucum-sa dar cert:’
    ‘sech ní gébat ní ragat’
    ‘in saithe seng sen-lenab.’
  26. Lotar sair na slúaig aníar
    co moch mar atracht in grían,
    cor' chomraicset na catha
    i fiadnaisi ind ard-fhlatha.
  27. Dorat Eochaid, scíath ri scíath,
    a thrichait cét fer find-líath
    i cert-medón ind átha
    ina thoraind tress-brátha.

  28. p.50

  29. Rofhích Bress dar in sruth shair:
    raléicset na colomain:
    ba d' imnegud maic in ríg
    cuná romaítis mígním.
  30. Maith dochúatar dar sruth síar
    amais Echach, diarbo mían,
    i cend in chatha imbaí Nár
    cor' chursetar a dergg-ár.
  31. Soíset síar na slúaig uile
    mar atracht in deg-duine:
    rofhácsat ocht míli mart
    ónd áth cosin n-áth-longphart.
  32. Ní deochaid Eochaid dar ár:
    fríth nech dia lenmain co lár:
    acht trí nónbair imma chlaind
    slaittea na slóig co Sinaind.
  33. Nónbur díb dar Snám Dá Én,
    im-Mag Find, dar Áth Fir Fén,
    co Dún mBreiss, i torchair Bress,
    fri Loch n-Orbbsen aníardess.
  34. Nonbur aile dar Áth Líac
    sech Loch Dechet immatíat,
    cosin tráig ósin tur thrumm,
    co tír in Náir i n-Umull.

  35. p.52

  36. In tres nónbur dar Ath Lúain,
    ar fut Maige Áï úair,
    dar Cera co Cléith na Cor:
    rolensat na léith Lothor.
  37. Dorochratar de na Find,
    robenta díb a trí cind:
    daruacht cach cend díb fo leith
    re n-aidchi co Druim Crïeich. D.
  38. Ar n-aicsin dó na trí cend
    trén dorairngert ri Hérend
    bríathar comailter co gnáth,
    cía beith nech dianid ingnáth.
  39. Nach gébad nech, gembad gar,
    Temraig dar éis a athar
    can rígad eturru neich
    ón dáil sin Dromma Crïeich. D.
  40. Gním da gnímaib da gletin
    Dromma Crïeich iar cretim,
    dar fasaiged Mide mall,
    da roinnarbad Domnall.
  41. Dorala buachail Banba,
    ba mac ríg, ba rig-damna,
    ic comét na crích rochar
    ar ndíth a da deg-brathar.
  42. Ba dál ri dithrub ndemin,
    ba h-atod ri h-oen-tenid,
    ic comét Mide maic Fhlaind
    do Maelsechnaill mac Domnaill.
  43. Randílsigset a charait
    acht Críst can nach cumtabairt,
    cu nad ace rashir crech
    u Dubán o Druim Dairbrech.

  44. p.54

  45. Tanic i n-díaid a chrechi
    aníar ar slicht na srethi:
    ba comnart cuing dar Herind áin
    comrac in Guill is Gotáin.
  46. Goll Temrach a thriúr ra thál,
    Gotán a nónbur, ba tár:
    baí triar i n-agid cech fhír
    do triur Maelsechnaill ard-mir.
  47. Bái fer cechtar a da thóeb,
    Gotán 'ca guin, ba gním saéb,
    imon Got, ciar chían ón chaill,
    darochair ra Maelsechnaill.
  48. Ratheich cech oen robo beó,
    rofacbad Gotán don gleo:
    meraid co tí bráth don breith
    lecht Ui Duib i nDruim Chrïeich. D.
  49. Fír n-Echach Feidlig forúair
    nach gebtha riss comlund crúaid
    uair is do shíl Echach uill
    do Maelsechnaill mac Domnuill.
  50. Domnall mac Dondchada déin
    maic Fhlaind maic Melsechnaill fheil
    maic Maelruanaid Ratha in Chraind
    maic Dondchada maic Domnaill.
  51. Domnall ba mac maith re lá
    Murchada maic Diarmata:
    Dermait mac Airmedaig ain
    maic Conaill maic Subni maic Colmáin.
  52. Colman mac Diarmata duind
    maic Fhergusa maic Conuill
    maic Neill maic Echach na n-ech
    maic Muredaig maic Fhiachach,

  53. p.56

  54. Maic Carpri Liphechair luind
    maic Cormaic maic Airt maic Cuind
    maic Fheidlimthe, ercad graig,
    maic Thuathail maic Fheradaig.
  55. Feradach fechtnach fer bend,
    darbo thuillmech tír n-Herend:
    ni geibtis Gaedil nó Gaill
    ri mac Fiachach maic Crimtaind,
  56. Maic Lugdech tri Find Emna
    maic Echach feidlig febda:
    Eocho feidlech rodosfeith,
    roderg dáim Dromma Crïeich. D.
  57. Tuatha Temra riss aness,
    ú Fhiachach re chalad-chness,
    Loch Lebind dond ara leith,
    is oibind de Druim Crïeich. D.
  58. Rofhás and óc-druth amra
    Lachtna mac Taidg h-ui Gadra
    is áibinniti fo deich
    Druim cáin cath-buadach Crïeich. D.
  59. Lonan ocus Fechin find
    Fechín is Lonan don lind
    dáib a n-dís o dreich do dreich
    roerb Dia Druim Crïeich. D.
  60. Cuan ua Lothchan na lend
    eolach i n-deccraib Herend
    is é sloindes co suairc sein
    dind-shenchas Dromma Crïeich. D.

  61. p.58