Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem/story 9

LIA NOTHAIN

  1. Atá sund fo choirthe chrúaid
    ben co n-doirche is co n-dimbúaid
    cen gairm a sochair 'masech,
    diarb ainm Nothain nert-buillech.
  2. Ingen Chonmaír cen gním nguil,
    inna gorm-daíl gobul-duib:
    furthain cét a cuit prainde,
    i n-dubthair dét deg-caille.
  3. Cechaing Conmáer, céim co cend,
    a Crích Bérre na m-bémmenn
    d'fhis na mná, ba h-úathmar blad,
    co Crích Crúachan na curad.
  4. Tuc mór cémenn co ngairbe
    ar fut Hérenn imaidble,
    rocaith blíadain fo bine
    oc íarair a ingine.
  5. Co fuair in mnaí mothlaig móir
    hi fidbaid chochlaig chleth-chóir:
    dond fhir diarb áil a décsin
    ba lór gráin is garb-déstin.
  6. Ed na h-aidche dóib cen gaí,
    dond fhir foirbthe, don deg-mnaí,
    robátar a n-dís 'malle
    ar scís oca scél-baile.

  7. p.28

  8. Is é cét-ní roráid de
    in ben cen báig m-búan-bréithre:
    ‘indat bí, fri saíre son,’
    ‘for n-daíne ocus for n-derb-chrod?’
  9. ‘Mo mumme, mo máthair múad,’
    ‘mo shiur, mo bráthair bith-rúad,’
    ‘óg mo charat ac Druim Chaín,’
    ‘in marat lat, a Chonmaír?’
  10. ‘Ina facca thíar 'cot tig,’
    ‘ar Conmáer cíar, 'dot chairdib,’
    ‘ní mair díb i tresse treb’
    ‘acht messe, a móir-ingen!’
  11. Andsin atbert in ben búan
    a h-athesc mer co mílúad:
    ‘Trúag in fhochain, doría de’
    ‘ná bía Nothain dia n-ésse!’
  12. ‘Trí coícait blíadan, báigid,’
    ‘ní h-iarmar, ní h-imáirim,’
    ‘atú fo dín cach daire:’
    ‘ní facca mín mór-maige.’
  13. ‘Tíag-sa imbárach latt immach’
    ‘im-mag n-Árach n-ilchrothach,’
    ‘ní fil m'áige ní bas sía,’
    ‘co rosáide mo láech-lía.’

  14. p.30

  15. Rosfuc bás, nír bét co m-blaid,
    don sceól adfét a h-athair:
    in ben co n-doirche, nár dúail,
    atá fo choirthe chomchrúaid.
  16. Is í sin fochain dia fil
    Lia Nothain cen imbresain:
    a h-ainm inar m-bailib de
    mairid, cid marb atá-se. Atá.
  17. Nomshaer ar imned, ar olc,
    a Rí fhind-gel fhír-étrocht!
    nírbam trúag 'sin dáil tall trá
    iar lúad cháich atá sunda. Atá.