Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

Verse

poem/story 1


p.2

ESS RUAID I

  1. A fhir dodechaid atúaid
    co srethaib is co sáer-búaid,
    innat léir co h-úair fessa
    i sceól réid in rúad-essa?
  2. Ess Rúaid, cía Rúad asa h-ess?
    cía roching in cúan comdess?
    in fer nó in ben co m-bríg bailb
    tuc for in síd in sáer-ainm?
  3. Áed rúad mac Baduirn in bress,
    úad cen ramuirn in ríg-ess:
    for a ur, ba gním guba,
    fail a shíd, a sáer-duma.
  4. Ní chúala ar thír nó ar thuinn tig
    do chlannaib Ír nó Ebir
    rosessed co trían delba
    for Áed fíal na fír-Emna.
  5. Rodúsig idu achar
    Aed co n-dúsib deg-athar,
    dia n-dechaid 'sin n-ess n-olor
    dia mess is dia mudugod.
  6. Is amlaid sin dochúaid dáil
    éca fhuair úa Argatmáir:
    maraid a ainm ara ess
    in dag-fhir mairb cen mímess.
  7. Iarum roclass issin chnucc
    fertán Áeda fo óen-brutt,
    conid é a shíd sáerda sin
    úas aigthib áebda áen-fhir. A.

  8. p.4

  9. Dorala sund iarsodain
    ingen Máine mil-scothaig:
    súan rodasomairn dia sil:
    Rúad a comainm 'ca cét-fhir. A.
  10. Cechaing céim fordail i fat
    ingen ordain adchanat,
    dia tuc in mór-grád mada
    d'Áed shrónmár mac Labrada.
  11. A Maig Moeín co mét ága
    dolluid for sét sográda
    ingen Máine mér-sheing múaid,
    a clé fri h-Érinn n-arm-rúaid.
  12. Luid dar cech tuind dia tibed
    il-luing Abcáin ard-fhiled
    co táraill in n-inber n-án
    ind ingen álaind imnár.
  13. Ní fitir Rúad cía-rraba
    crích ná cúan co n-dosrala,
    acht rochuindig, cruth nad meirb,
    co m-beth in sruth 'na sáer-sheilb.
  14. Andsin dorochair 'na súan
    eter srothaib na sáeb-chúan:
    luid im-muduch fo méla
    fora curuch cóem-chréda.
  15. Ní roacht coa lennán ind laith
    ingen na ngel-lám glé-maith:
    luid dar bord cen bríg m-bluga
    fri dord síd na sam-guba.
  16. Combad úadi, cen dailb n-dét,
    ainm Essa Rúaid co romét:
    a h-aided, cen dúalus n-dil,
    atchúadus duit, a dag-fhir. A.

  17. p.6

  18. M' anam acut for nim naíb,
    a Choimdiu faílid fír-baíd,
    a Rí na rend is na reb,
    at ferr iná cach Ïn-fher. A.