Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 85

Loch n-Érne

  1. Loch nÉrne, ard a oscur,
    ba lind garg cen glan-fostud,
    diar' thadbain a thescul túaid
    i fescur fhagmair find-lúain.
  2. 5] Fiachu Labraind, línib slúag,
    ós cech arm-raind co n-imluad,
    glacc cen imroll im gním nga,
    macc do Smirgoll macc Smertha.
  3. Smertha co n-engnom fhuilech
    10] macc do Senboth sír-guinech
    fer i n-il-ernmais fichthig,
    macc Tigernmais trén-rigthig.
  4. Rochuir cath Carmain in chleth
    Fiachu Labrain ba láech-breth,
    15] hi fúair brath mbaeguil cen báig
    Eochu Faebuir mac Conmáil.
  5. Iarum rorígad cen raind
    Fiachu fír-glan, fúair Labraind,
    fiche a cethair, nocho gó,
    20] co rodmarb Echaid Mumo.
  6. Cethri tomadmann, tomsid,
    hi flaith Fhiachach fhír-longsig:
    ní rosmairn mesce 'malle,
    maidm Flesce, maidm fír-Mainne,

  7. p.462

  8. 25] Tomaidm Labrandi al-Líathmaig
    ó samlam-ni ar sóer-Fhíachaig:
    maidm locha Érne cen ail:
    tairm dar trocha rathócaib.
  9. Cethri catha re Fíachaig,
    30] réim ratha, for rothríathaib,
    roscuir rí Béirre bladaig
    co cath sléibe Belgadain.
  10. Cath Fairgge, fedil in fúaim,
    cath sléibe Femin find-lúain;
    35] is ardd rothatlaig in tress,
    cath garg Gatlaig na ngnáth-bress.
  11. Cethramad cath rochuir de
    or Ernaib, rorath reme:
    súail ná rusdílgenn dia gail
    40] Fiachu fír-thend flaith Fobair.
  12. Andsin romemaid in loch
    fosin fedain, ronúar-chroth:
    isin chrích, ra glé-raind glúair,
    bi mbátar Éraind arm-rúaid.
  13. 45] Desin atá in gairm co ngail,
    ainm locha Erne adbail,
    cía robáided and iarsain
    Erne áilgen imchubaid.

  14. p.464

  15. Érne chaid cen chuird cnedaig
    50] ingen Buirg báin búredaig
    ba sárgad sáir-thrín in son
    bán-mac Máinchin maic Mochon.
  16. Érne nóisech cen nemain
    ba tóisech for ingenaib
    55] hi Ráith Crúachan na reb réid;
    nirb úathad ben 'ca bith-réir.
  17. Aicci nobítis ria mess
    min-sheóit Medba na mór-thress,
    a cír a criol cen chlód
    60] cona diol do derg-ór.
  18. Co tánic hi Cruachain cais
    Olcai co n-úath-blaid amnais,
    cor' chroith a ulcha ar in slóg
    in garb-fher doith daiger-mór.
  19. 65] Roscaindre fo Chrúaich Cera
    na baindre, na hingena,
    taidbsin a chrotha fo chair,
    gairbsin a gotha glóraig.
  20. Rotbeich Érne, ilur mban,
    70] fo loch Erne, nách inglan,
    cor' dáil tairsiu a thuile thúaid,
    corosbáid uile i n-óen-úair.

  21. p.466

  22. Cía bad úadaib, is breth chert
    fiad na slúagaib, ni sóeb-recht,
    75] is tairm dar trocha rothairg
    ainm locha Erne imaird. Loch.
  23. A rí, rop fedil fír dam
    fáilte demin dom dídnad,
    for nim co mbúadaib rombé,
    80] a fhir túargaib loch nÉrne. Loch.