Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 84

Loch Ri

  1. In lind-se lúadit ethair,
    cid lind fo thuile threthain,
    ropo mag scothach fo scí,
    co fúair lochrad lind-usci.
  2. 5] Mag nAirbthen fo mess muine,
    cen ainbthen cen imduibe,
    co ndessid Rí, ruamna gais,
    for a brí búana barr-glais.
  3. Fechtas dollotar aníar
    10] maic Maireda, mílib gíall:
    ba tigernaig tuir throgaig
    co libernaib lan-chrodaig.
  4. Co Belach Líac na láth ngle
    rolen cách díb a chéle:
    15] robrog Eochaid na sleg seng,
    co riacht Brug Breg na mbémmenn.
  5. Eochaid ra láim lécmait ass,
    dáig mad-deochaid a shenchass:
    feib romairn a chrotha crí
    20] maidm lond Locha Lindmuni.

  6. p.452

  7. Dolluid Rí co rind ria aiss
    co lár Maige Find forglaiss:
    fair tuc cen táth a thascur
    Rí na ráth co romascul.
  8. 25] Tir n-Óenaig Midir 'masech,
    Mag Find co róenaib robreth,
    crich fo nóemaib indossa,
    iar ndíth Óenaig Óengossa.
  9. Olc la Midir in t-shlúaig sin
    30] ingeilt do búaib 'sin bruig-sin,
    co tuc cach plág rofhocail:
    fri trí tráth nír' throm-chotail.
  10. Roscacht inna ngubu gnáth
    a mbú 'sa ndumu in cét-tráth;
    35] a n-echrad, cen bráth mbraise,
    romarb in tráth tánaise.
  11. Doroich cuccu, d'éis a uird,
    Midir fodess a Donnchuilg:
    fúacrais flaith find-chert Féine
    40] imthecht dóib co n-imdéine,
  12. Nó co dáilfed brothlaig mbáis
    for a slóg sochraid sognáis,
    dia nolentais, líth cen locht,
    imma síd, imma saer-gort.

  13. p.454

  14. 45] "Ní fil 'na bethaid i fuss
    ech diar n-echaib 'nar n-áruss,"
    atbert Rí Fúait co feraib,
    "béras úait ar libedain."
  15. "Ech acum dúib i n-aicce,"
    50] ar Midir co mór-chaitte,
    "béras for máine, mór mod,
    etir dáine ocus derb-chrod."
  16. "In baile il-lécfaid ar lár
    dond airiuch álaind imshlán,
    55] ní thuca ar múal in maige
    a fhúal, cían ón ergaire."
  17. "Ní rolúaide, línib tor,
    a imchoss nó a immarchor:
    ní rolaige, síar nó sair,
    60] acaib co cían ar chonair."
  18. "Co hathlam úaib nacartaid,
    iar trachlad a thrén-márclaig:
    a shrian 'ma chend lecar leis
    co tí cen fhell cen eisleis."
  19. 65] "Mad dia tuca a fhúal acaib
    in t-ech rúad in romarclaig,
    ní ba maithmech, mór in smacht,
    bid aithrech ón is iasacht."

  20. p.456

  21. "Cráidfid do chlaind, curfid de,
    70] báidfid do raind, do ríge,
    bid loch lond iar lín laithe,
    curfes co tromm trén-shaithe."
  22. 'Ma atberad Midir, maith dit
    dia tecma, a Rí, mar rádmit,
    75] tarla dó, cen deg-blaid de,
    cach ní roergair uile.
  23. Tuc a fhúal cen rigne iar ndul,
    ís dorigne a immarchur:
    doríacht in t-ech thíar dia thaig,
    80] ocus a shrían forácaib.
  24. Rogab fond fo thalmain tais
    fúargg ind eich angbaid amnais,
    corb écen clár dia dlúthad
    ós a lár dia lán-múchad.
  25. 85] Cometaid Rí in topor tend:
    doní a thech inna thimchell:
    tecaib in fíal co fír dait
    a lepaid tíar ós tiprait.
  26. Tricha blíadna uasu anúas,
    90] dó 'na lepaid cen lán-chrúas,
    cor' maid co glúair dia glasaib
    aidche lúain in Lugnasaid.
  27. Báidid andsin Rí cen raind
    ocus cráidid a chóem-chlaind:
    95] dosrat fo thráig thái 'na thig
    robáid in mnái 'sa muintir.

  28. p.458

  29. Rogab lethad cen locad,
    ba trethan co trén-chocad,
    rodáil a ainbthen uile
    100] dar Mag nAirbthen ndond-buide.
  30. Deshin asberar cach airm
    Loch Rí, ná celar comainm:
    ó' tbath Rí co ngestul grinn
    fo thescul is fo thiug-lind. In.
  31. 105] Blíadain ar a deich ar chét
    iar mbreith Chríst, ni sóeb in sét,
    maidm Locha Rí, dar cach rind,
    ba tairm tocha, ba tiug-lind. In lind.

  32. p.460