Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 83

Carn Conaill

Mac Líac cecinit.
  1. Finnaid in senchas diatá,
    nocho n-aithesc immarba,
    carn forsn-dessad-sa innossa
    Conail cháil maic Oengossa.
  2. 5] Oengus mac Úmóir anall
    dó-side ba mac Conall:
    is do Chonall dorat Medb
    Aidni n-álaind, ní hinderb.
  3. Lotar a crích Cruithne cóir
    10] dar in muir muinter Úmóir
    do shaigid Chairpri Nía Fer
    co Mide, medón Gáedel.
  4. Conaitchetar ferand find,
    a n-as dech Breg, búaine dind:
    15] ráth Chennaig, ráth Chommair chain,
    Cnogba Breg, Brug mná Elcmair,
  5. Óenach Tailten, treb Chermna,
    Tlachtga, na trí Find-emna,
    Áth Sige Slige, Brí Dam,
    20] ba hed íath conaitchetar.
  6. Conattig forru Cairpre
    cosna firu dar fairgge
    fognam Temrach mar cach túaith
    céin trebait Hérinn n-ech-luáith.

  7. p.442

  8. 25] Ronascetar a curu
    cen ní as mó, cen ní as lugu;
    gab Cairpre cethri ráth riss,31
    im mór-fhognam a mór-liss:
  9. Cet mac Mágach am-maig Máin,
    30] Ross mac Dedad a Druimm Cháin,
    Conall Cernach, crúas fo thuind,
    fer in chlesraid Cúchulaind.
  10. Amail roscóraigset tair
    na túatha im Themraig tond-glain,
    35] suidigis Cairpre, cét ngal,
    cís forru ná fulngetar.
  11. Lotar anair cona seilb
    co hAilill ocus co Meidb;
    gabsat tiar ri fairrge faind
    40] im dún Oengussa i nÁrainn.
  12. Doratad Cutra coa loch,
    tucad Cimbe co Cimloch,
    rogní Adar thess a thech,
    atagar Míl for Muirbech,
  13. 45] Atagar Dalach for Dáil,
    rogní Enach tech dia tháib,
    atagar Bir ina rind,
    atagar Mod for Modlind.

  14. p.444

  15. Rogab Irgus Cend mBairne,
    50] rogab Cing i n-íath Aigle,
    il-Láiglinne, nírbu lén,
    rogab Bairnech barann-bél.
  16. Rogab Conchuirn a chuit cóir
    for muir i n-Inis Medóin,
    55] rogab Lathrach tulaig tind,
    rogab Toman Toman-rind,
  17. Luid Asail atúaid dar tuind
    co riacht 'sin Mumain mór-gluind:
    atúaid 'na láiding doluid
    60] is úad Druim n-áibind n-Asail.
  18. Rogab Conall i n-Aidne
    Conall cóem, cía ba caible:
    is é sin suidigud slóig
    muintire uile Úmóir.
  19. 65] Amal rochúala Cairpre
    téit a aicned i n-airdde:
    congarar úad immalle
    for a chethri aitire.
  20. Dothíagat atúaid coa thech
    70] ón Chróeb-Rúaid na dá cairpthech:
    dothéit Ross a hÉrnaib sair
    dothéit Cet a Connachtaib.
  21. "Dálid damsa," ar Cairpre cóir,
    "mór immirge mac nUmóir,
    75] nó dálid na cethri chend
    ronaisces foirb co forcend."

  22. p.446

  23. Lotar ass co Ráith Crúachan
    cethrar eclonnach úathmar:
    triallsat troscud, trén in smacht,
    80] for faithche Cruachna Connacht.
  24. Rogaid díb ben maic Mágach
    cairde co arnabárach,
    co ndernad Óengus in rí
    imma churu a chomairli,
  25. 85] In for cúl noragad sair
    nó in tíar anfad hi Crúachain,
    nó a thrí bráthir is a mac,
    ragtais dia chind i comrac.
  26. Is sí comairle rochind:
    90] i cend Rossa rochart Cing:
    co Conall Cernach, cét ngell,
    dorat Cimbe cethar-chend:
  27. Dorat Irgus, ilair chath,
    i n-agid Cheit maic Mágach:
    95] dorat in' ba dech dia chlaind,
    Conall, i cend Chonculaind.
  28. In cethrar thánic anair
    dochúatar ass foa n-inchaib:
    romarbsat in cethrar cóir
    100] ba dech do muintir Umóir.

  29. p.448

  30. Adnacht Conall ria athair
    fon charn-sa cona chlachaib:
    is demin is súi rosloind,
    conid de atá Carn Conoill.
  31. 105] Rochobra in Comdiu cen chess
    mac Líac linne na n-écess:
    a Chríst, dorónam dothal
    Fiadat find rofinnadar.

  32. p.450