Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 82

Ceis Choraind

  1. Sunda robói Corand cáin
    ac seinm chruitte, ba deg-máin;
    ac Diancécht na soball slán
    ba hollam Corand cness-bán.
  2. 5] Tucsat Túath Dé, digraiss deilm,
    ferand díles ar deg-sheinm
    do Chorand na ceól cnesta,
    ar a eól is ard-mesta.
  3. Sund robói, cen bethaid mbuirb,
    10] in fer talchar cen túath-chuird:
    rop adba óiged 's ana,
    dia raba in sóir-fher sunna. S.
  4. Caelchéis, dia rosernad sí,
    dalta degrach Derbrinni,
    15] ria cúain Connacht, nír mod mall,
    doriacht a cor co Corand.
  5. Rogab cách láim a chéile
    immon muicc co mag-déine,
    co torchair in chéis chalad,
    20] nirbo thréis in timscarad.
  6. Céis Choraind na comul cét
    óshin magen na mór-thrét,
    ó thorchair cen trumma thall,
    'sin chrích sunna imbói Corand. S.

  7. p.440