Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 79

Mag Muireisce

  1. A fhir a Muirisc na marc,
    cosa tathig tond táed-balc:
    cid dia fil in blad bassech,
    rogab in mag mór-massech?
  2. 5] Atbér frit cen dogra ndóis,
    tri láide solma sóer-shóis,
    in fáth cen chacad ceiste,
    dia n-apar mag Muireisce.
  3. Tóla muir-éisc maigrig mín
    10] tuc muir saidbir co sothír,
    cor' lín a treba tenna
    etir feda is fán-glenna.
  4. Blíadain lán cen lobad dó:
    ba hé in torad cen tár-gnó:
    15] tuc rí cach datha dia deóin,
    ba turchur flatha fíreóin.
  5. Ised sin romairn in mag,
    ó fil a ainm co n-ard-blad,
    mag sír na sond is na sleg,
    20] co lín glond ocus gnáth-fher.

  6. p.428

  7. In cet a lúad issin láid,
    dáig is cetfaid súad sír-gáith,
    in míl imma raba in cheist,
    bi fích in mara ac Muireisc?
  8. 25] Ba muir-iasc mór, mílib mod,
    ná tuc co tirib torod,
    dianid ainm rosualt, rád ngle,
    co n-ilur ág is arde.
  9. In n-úair nochuired co holl
    30] in bíast buidech a brocc-lomm
    for na tírib fo thár thair,
    dosficed sár sáeth-galair.
  10. In tan nalád in nellaib
    ba hág ar na hairdenaib,
    35] in tan nalád sís 'masech,
    plág ar mílib na muirbech.
  11. Mar thuc hi fích Muirisc múaid
    díth for dóinib a dond-shlúaig,
    selt for slúag railgech in réisc
    40] mór-ainm maignech in muir-éisc.
  12. Ainm in míl-sin, cen chur de,
    rolen in tír-sin chaidche:
    rosmairn ós áth cach enaig,
    cid gairm gnáth dia glan-fheraib.

  13. p.430

  14. 45] Rogab in n-inber, cid ail,
    ingen Ugaine adbail,
    Muiresc ós míne medaig,
    bói 'na ríge ós rofheraib.
  15. A Críst iar m' écaib áise
    50] tog i sétaib sír-gáise
    m' anmain issin síd-blaid sin
    ocat rígraid, a ríg-fhir. A fir.

  16. p.432