Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 75

Loch Dechet

  1. Adfethet laech, línib slúag,
    diarb ainm Dechet daiger-múad:
    ba fer tromm, techtaide treb,
    in sond slechtaide sliged.
  2. 5] Glass mac Caiss, ba coimsech cuir
    for Dechet ndúr mac nDerguir:
    lais rotócbad cach thrátha
    ós cach rót-blad ríg-rátha.
  3. Túargaib ós cach búaid in bress
    10] suide Rúaid ósin ríg-ess:
    fer co ramuirn na túath tair,
    Áed Rúad mac Baduirn bladmair.
  4. Is é lúag dorat in rí
    Rúad úa Mane Mil-scothi
    15] do Dechet, dál fri dessa,
    torad rán in rúaid-essa.
  5. La claind n-Ailella sech cách,
    co tí in lathe bas lúan-bráth,
    torad Essa Rúaid, ní rom,
    20] mar fhúair Dechet, ní dáer-chor.
  6. Hi crích Ailella na n-ech
    rotócbad tor, ba tiug-breth,
    ná beth ria chlaind, comul nglé,
    cosnam nó raind doríse.

  7. p.412

  8. 25] Rochaith a mír béssa búain,
    iar scur in gréssa glan-úair,
    ar lár Maige Loingthe, in let
    dál dia fúair doirthe Dechet?
  9. Romesc, romeraig 'masech,
    30] rodedail a chruth coimsech
    ba toirm troch riana thrágud:
    luid 'sin loch dia lán-bádud.
  10. Desin, fo thrumma toirthe,
    fail Mag Lunga in láech-loingthe:
    35] don láech co demin rodet
    a ainm fedil, adfethet. Ad.

  11. p.414