Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 73

Loch Néill

  1. Lúadim Loch Néil, násad nglé,
    i fúair básad brónaide
    mac Enna aignig ergna
    do shlúag shaidbir sáer-Themra.
  2. 5] Nél, ba tóisech selgga sláin
    i n-íath Elgga co n-ard-gráin
    i flaith Chonaill chrom-deirg cain,
    rogní cach n-oll-beirg n-ágmair.
  3. Drebrenn rofháid assa hulc
    10] serb-dremm i rechtaib rúad-mucc:
    a Collomair, ág engach,
    rosín in sráb sen-grennach.
  4. Roslen Nél assa lurg lumm
    (ba scél fo chulg in comlund)
    15] cona chonairt ós chái chain
    ar fut Maige Ái imglain.
  5. Ái, ba comainm in chon chrúaid
    Ennai aignig co n-ág-búaid,
    dia n-apar, gnái fo glaisse,
    20] Mag n-Ái cona óg-maisse.
  6. Mar dúatar na mucca mess
    daire Tharbgai na trom-thress,
    luidset in soth co sír-blad
    cosin loch dia lán-dídnad.

  7. p.406

  8. 25] Roslen Nél, ba hord uátha,
    a lorg dar na láech-thúatha:
    ropo thurus troch fo thráig:
    luid 'sin loch co roslán-báid.
  9. Deshin, do réir cach aire,
    30] Loch Néil cona nél-glaine:
    aided Néil in teglaig thind
    atá il-lebraib mar lúadimm. L.
  10. A rí, robáid Forainn féig,
    réidig romainn dot ríg-réir
    35] for do deis, a rí báid bind,
    iar ngreis do cach láech lúadimm. L.

  11. p.408