Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 70

Duma Selga

  1. Duma Selga sund 'sin maig
    fors' mbítis maic Muredaig:
    maraid dia n-éis iar ndula
    cía bói rempu in ríg-duma.
  2. 5] Lecht Fir Fota for Ard Cháin
    sochaide dia tart domáin:
    Duma Selga sund cose
    iar seilg sé mucc nDrebrinne.
  3. Mucca Drebrinne fo dreich,
    10] ingine Echach Feidlich,
    cia forúair a mbreith chucca?
    canas fúair na fíad-mucca?
  4. Fír-chét-sherc do Mac ind Óc
    Drebriu, dia tartad mór póc,
    15] ocus fír-muinter 'malle
    na mucca diamtar dóine.
  5. Ní dénaim deccair do ní
    acht rodeónaig int aird-rí:
    flesc Móisi, ba mór a rath,
    20] rosóad i ndeilb nathrach.
  6. Doróine trócaire riu
    Mac Dé dia mbátar sund siu,
    nach ruc úadib a n-érgna
    a céill nach a combérla.

  7. p.388

  8. 25] Máthair chéile na mban mbláith,
    Garbdalb dubadach díbláith,
    rolá bricht forru asa hucht,
    condusrala hir-richt rúad-mucc.
  9. Conn ocus Find ocus Fland
    30] na fir, ba híat a n-anmann:
    Mel ocus Treg ocus Treis
    anmann na mban ria n-aisneis.
  10. Ón ló rodorchad a ndath
    ar mess chnó-chaille Achad,
    35] ba híat anmann na láech lán
    Fráechan, Banbán, Brogarbán.
  11. Fodera brón do Brug Breg
    in richt hi ralad cach ben:
    Cráin-chrín, Cóel-chéis, Treilech tenn
    40] a n-anmann nam-mucc mboinenn.
  12. Bátar blíadain oc Buichet;
    Óengus in rí dosruichelt:
    dia rogab mían a mnái in máil
    im stáic do broinn Brogarbáin.
  13. 45] Ba brón do Brogarbán Breg
    ó 'tchúaid dó in fer asa ben:
    "marbthar againn in ben bán,"
    ar Buichet do Brogarbán.
  14. "Ni holc rodlecht dím do ben,"
    50] and atbert in torc tóeb-gel,"
    mad mían lé stáic dom fheóil máith,
    rosbia fot dáig, a deg-láich."

  15. p.390

  16. Rothinól, ba báeth in ben,
    cét láech, cét con roduslen,
    55] cét ngái is cét scíath co ngráin:
    ba do brondud Brogarbáin.
  17. Rosbrúi Brogarbán Buirg Brain
    a oenur tria immargail,
    ocus roanacht in mnái
    60] ar dáig Buichet oca mbái.
  18. Co Brug maic ind Óc iarsin
    rucc Brogarbán a muintir,
    dia rogab láid dóib fri dé
    "bátar inmaine gnúise."
  19. 65] Conaitchetar a chobair:
    ciaptar imda a n-anfolaid
    "fri blíadain, a láich, a fhlaind,"
    ar Mac ind Óc, "ní chumcaimm."
  20. "Co rochrothaid in mbile
    70] fil for brú Tarbga tige,
    ocus co tormalaid praind
    éisc uisci Inbir Umaill."
  21. Iarsin sínset fo brón balb
    cosin crích i fil Glascharn:
    75] na sé classa adchí 'sin chnucc,
    it é leptha na láech-mucc.
  22. Lotar co Drebrinn, ba dus,
    ar ba etargnaid d'Óengus,
    co mbátar blíadain fo chleith
    80] oc ingin Echach Fedlich.

  23. p.392

  24. Hi cind blíadna iar saine
    rochroithset in cáin-bile:
    ropo do Meidb a maisse
    in lá for múr Muccaisse.
  25. 85] Iarsin sínset síar fon chaill
    co rancatar crích nUmaill,
    ocus is é sin in lá
    tuargabad in duma-sa. D.
  26. Assin chnucc-sa dochúaid Medb
    90] co port Dubinse co derb,
    co rogaib Dubinis ndeirg
    forsna muccaib tria mór-feirg.
  27. Rotinólta la Meidb múaid
    otha Luimnech co hEss Rúaid,
    95] ó Uisnech co hIndsi Bó,
    fir Olnecmacht in óen-ló.
  28. Mairg dochúaid in slúaiged síar,
    cid fota robás 'ca triall:
    aní romarb cach mucc menn
    100] ba lór d'ulc d'fheraib Erenn.
  29. Iarsin tancatar amach
    forru ar écin, cíarb arbach:
    de dorochratar uile
    acht Brogarbán barr-buide.
  30. 105] Mucc díb oc Muccelta maill,
    is mucc eile i Céis Choraind:
    mucc hi maig Threga, ba trú:
    mucc hi Cuallacht hi con-chrú.

  31. p.394

  32. In cóiced mucc hi maig Find
    hi crích Maine, mórtha dind:
    a cóic cind sin chrích fors'tá
    ructha cosin duma-sa. D.

  33. p.396