Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 67

Find-Loch Cera

  1. Atbér frib co húain iar n-an
    mar fúair Find-loch co fír-glan
    aní rafhind co fedil,
    ar is limm is lán-demin.
  2. 5] Diambái Pátric in raith réil
    for Crúaich maith ina mór-phéin,
    ba sním fri sáethar in sel,
    ic dín láech-ban is láech-fher,
  3. Rofhóid Dia dia dídnad de
    10] énlaith fír-glan anglide:
    forsin loch léir cen lacad,
    nochantis cléir cain-abbad.
  4. Ba hed adglaitis fo bail
    "a Phátric tairche ocus tair,
    15] a dín Gáedel fo glóir glé,
    a áebel óir ordnide."
  5. Búailtis in loch 'na línib
    dona scíathaib scath-mínib,
    co mbíd a tháeb-ler nach té
    20] mar cach n-áebel n-airgdide.
  6. Ed-sin fodera in gairm nglan
    Find-loch Cera na comram,
    mar atchúala-sa in cach cill
    in brig búada-sa atberim. A.

  7. p.380