Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 65

Áth Lúain

  1. A fhir théit im-mag Medba
    do láide bid lán-mebra:
    sluind do ríg rátha im thúaim taiss
    senchas Átha Luain láech-maiss.
  2. 5] Áth Lúain, cía lón asa lecht?
    cid dia fail in glór glúair-chert?
    Áth Mór, cen máetnúd madma,
    co fúair cáemchlúd comanma.
  3. Rogab rígi Connacht crúaid
    10] rígan, co nglonn-acht gorm-shluaig,
    diarb ainm serb, rosrethad sith,
    Medb ingen Echach Fedlich.
  4. Céle don don-úaig, dar lemm,
    mac Rossa rorúaid Ráirenn:
    15] ba gairm gráta ós Bairind brisc
    Ailill mac Máta Murisc.
  5. Tri rígna co mbríg brotha
    'ca mbítis ríg rochrotha,
    for triun tellaig is techta;
    20] nírbtar ellaig óen-fhechta.

  6. p.368

  7. Ailill nírb ingáeth ic Meidb:
    Macha ós Chimbaeth fo chomdeilb;
    Art cen chleth-cheird fo chaire
    ic Meidb leth-deirg Liamaine.
  8. 25] Fognítis gnímu garga,
    ós na rígu roarda,
    feib roclass, iar selaib slúaig,
    Emain la Macha Mong-rúaid.
  9. Feis Temrach, ba tromm a tress,
    30] co n-immud glond is gnáth-bress:
    dosfuc fo tháir-níam thaisse
    Medb Gáilían co nglór-maisse.27
  10. Ingen Echach Fedlig Fáil
    Medb a h-Ednig úaír imshláin:
    35] cen gái nír íad éc airbe
    mnái bad lía sét sóer-sheilbe.
  11. Acht a bith i tacha in tairb,
    robói ic ríg Macha mid-gairb,
    feib rostub a dag-fher daith,
    40] mac ríg Lagen in láech-fhlaith.
  12. Medb, ropo thúalnge ó thaig,
    for argain Chúalnge chétaig,
    dia ruc réim ndodaing ar daig,
    co tuc mnái Conaill Chernaig.

  13. p.370

  14. 45] Mar roairgset Cúalnge cain
    tre gním n-úabre n-étrocair,
    sóiset a mbáire dia brath
    co tarb nDáire maic Fiachrach.
  15. Dond Cúalnge, ba grinn in glé,
    50] robói i nGlinn na Samaisce:
    imme rosernsat sreith slait,
    co ndernsat imme in mbó-brait.
  16. Slúag Banba fo bét 'mon mbress
    diarb adba éc is úar-chess;
    55] roscacht i ngrísaib gemlig
    fri tri mísaib mór-gemrid.
  17. Mór cure, mór cét cen chol
    dia tucsat éc is úamon,
    do brón brúachda cech buille,
    60] slóg na Crúachna cloth-chuirre.
  18. Iar n-imbulg, ba garb a ngeilt,
    rosiacht in tarb cen tairbeirt
    Cnoc Tarbga co túath-gnáis tig:
    nírb adba úathbáis óen-fhir.
  19. 65] Rogníset úaibre ellach,
    Dond Cúailnge is ind Findbennach
    fiad slúag, sadba co saidbre,
    im thúal Tarbga tóeb-gairbe.

  20. p.372

  21. Gníset gleic gairb ós Grellig28
    70] i sechtmad ló lán-erraig:
    co torchair Findbennach de
    la fid-glennach Fúat-shlébe.
  22. Desin atá Tarbga thúaid
    'sin chrích badba co mbeó-búaid,
    75] do chath na cethra, céim ndil,
    'ma mbátar debtha, a deg-fhir. A.
  23. Roscáil a chnáma 's a chorp,
    ruc cach n-ága co hard-phort:
    tuc leis co Ath Mór 'mo anait
    80] a lón ocus a láraic.
  24. Rolen co húain in gairm glan
    desin Ath Lúain na lestar:
    ciarb Áth Mór cen maeth-gnó mbil,
    rocháemchló in lón, a láech-fhir. A.
  25. 85] Bas ind Fhind, fo bini braith,
    i Loch Digi, ba deg-maith:
    a dá airbe fri glond ngrind
    ruc Dond maigne co Mucfhind.
  26. Ruc a chride co Dún Cromm:
    90] ba múr cach mire in mór-Dond:
    ruc céim ria chóel-druimm i fat
    co sóer-druing Assail abrat.
  27. Tuc a less ria ais ria or
    co h-Inis nGlais na nglomor:
    95] is súail naptar decra daill:
    ruc a lecna co Leccainn.

  28. p.374

  29. Iat sin na fodla ergna
    la Dond mbrogda mborb-Emna
    ind Fhind co mbennaib brúachda
    100] robói i rengaib ro-Chrúachna.
  30. For cach airm ir-ruc ní de
    maraid a ainm dia éise:
    co lúan mbrátha fo blaid bil
    ós chúan cach átha, a óen-fhir. A.
  31. 105] A Chríst cen chaire nomchar
    ar grád Maire do máthar:
    a Rí in t-shlúaig-siu téit for cel
    at úaisliu 'ná cech óen-fher. A.

  32. p.376