Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 63

Ráth Crúachan

  1. Estid a churu im Chrúachain
    fri dumu cach dag-núachair:
    a shlúag ónad sír-blad smacht,
    a rígrad fer n-Olnécmacht.
  2. 5] A shlúag na nglond fata fír
    col-lín drong nhdata is dag-ríg,
    a dremm is déniu dolud,
    diargell Ériu il-torud.
  3. Ferda i fáen-gliaid co romsib
    10] síl sáer-Briain co sár-longsib:
    is dia réir roseólta sain
    géill na hEórpa co Cruachain.
  4. Mad dia n-áirmem nós cech nirt,
    noco dáilfem sós sáer-chirt
    15] do Chrúachain cháid cen chaite,
    ac'nach úathaid écraite.
  5. Eól dam fri sogairm snaitte
    comainm Crúachna comnairte:
    ní súail in tairm in tescul
    20] ó fúair gairm is glan-gestul.

  6. p.350

  7. Eochu Airem, éraimm n-ard,
    diambái i Frémainn in fíal-garg,
    fer rochóemaig na clessa,
    ic gním óenaig ech-thressa,
  8. 25] Dolluid chucu Mider maith,
    (nirbo chridfher 'mon cóem-fhlaith)
    d' fhuatuch Etáine co n-úath,
    diambái écáine iltúath.
  9. Ba dothfher in fer rosfuc
    30] Étáin is Crochen chatut,
    in rígan is a cumal,
    co sír-blad ba sár-umal.
  10. Siar ruc Midir in mbrait báin
    hi slait iarna sáer-gabáil
    35] co síd Sinche na slúag sen,
    dáig ba dúal do dag-Mider.
  11. Co cend nómaide roan
    'sin t-shíd glóraide glé-glan:
    is gnáth iar ngreiss co torud
    40] bág fri feiss fri fledugud.
  12. And atbert Crochen chalad
    "cía rothreb hi roanad?
    a Midir na reb raglan
    in hí do threb thóeb-adbal?"
  13. 45] Athesc clothfhir na ceirde
    fri Crochin co cró-deirge:
    "nessa do gréin dia gorud
    mo threb réil co rothorud."

  14. p.352

  15. Atbert Crúachu co caidle
    50] fiad na túathu tóeb-aidble:
    "a Midir, cen maidm cose,
    imbia m'ainm forsin t-shíd-se?"
  16. Tuc in rothreib, lóg n-astair,
    do Chrochin, cóir tuarastail:
    55] ó Midir, tairm thúaid 'ca thig,
    a hainm úaid, amal étsid. E.
  17. Desin asberar Crúachu,
    ní celar for cóem-thúathu,
    ó thuc Midir, cen gái nglé,
    60] a mnái co Sinig síde.
  18. Cid Midir, nir thréith iar tain,
    luid co Briaid Léith maic Celtchair,
    ruc leis in glé-maill nglain-gil
    thuc a Frémainn ar écin.
  19. 65] Robái Echaid, aidble uird,
    for srethaib saidbre a sholuirg,
    ba didil a chlí chonaid
    ar tí Midir mór-choraig.
  20. Asbert a drúi fri Echaid
    70] "ní bat rúi it robethaid,
    rotirmais écáine uilc
    d'ingnais Étáine in ór-fhuilt."

  21. p.354

  22. "Tair a forud na Fótla
    cen robud cen ríg-fhócra;
    75] tuc co Briaid Léith lat iar tain
    do shlúag nach tréith dia thogail."
  23. "Is and fogéba do mnái
    cen díl séna fo shóer-gnái:
    hi tláis ná bí i fat, a fhir,
    80] tuc lat hí ar áis nó ar écin."
  24. Is tossach sin fri gúais nglé
    do thochmarc úais Étáine:
    cid senchas túachail ria techt
    do Chrúachain ria cométsecht. E.
  25. 85] Is i Croichen Chruachna coin
    mathair Meidbe co mor-gail
    dobi a Cruachain, fa scem ngle,
    sel re nuachar nEdaine.

  26. p.356