Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 62

Loch Dergderc

  1. In lind-se lúadim cech lá,
    dían-úaigim sós senchassa:
    lind nach serg-therc fri sam-dul,
    dian ainm Derg-derc dron-adbul.
  2. 5] Atchúala ríg co ngus glan
    i fus for thír Thúad-Muman,
    clí co ndeochair chuchta cain,
    Eochaid mac Luchta línmair.
  3. Luchta mac Lugair dind lind
    10] maic Lugdach luchair Lám-fhind,
    maic Anle fáechda fotai
    maic Leo láechda lám-fhotai,
  4. Maic Smirduib, maic Molaig máith,
    maic Gáith Golaig, maic Ingáith,
    15] maic Cormaic Coraig, cluine,
    maic Ailella Láeb-chuire,
  5. Maic Rúaid, maic Márthened mir,
    maic Fhind, maic Sithchind shaidbir,
    maic Galaig, na giallaim gail,
    20] maic Riagaill ráin, ba riagail,
  6. Maic Eóin Bric ós chrícha, cluin,
    maic Ítha, ocus maic Breguin,
    maic Bratha bannaig, blad bil,
    do chlannaib Gáedil gnáth-gil.

  7. p.340

  8. 25] Senchas Echach cen ainble
    rosrethad co sáer-aidble,
    dáig ní herenach anbal
    a genelach gnáth-adbal.
  9. Ní rogaib Cláire cétaig
    30] rí bad náire im níam-shétaib:
    in cach níth ba dáel dolaid,
    co fríth fáen i Findchoraid.
  10. Luid file Ulad, ainble
    cen bunad, dia bith-fhaigde,
    35] dáig rachúala (gléire gal)
    ná bói in Éire noérad.
  11. Óen-rosc oc ríg Dromma derg,
    ba hé in cóem-losc claideb-derg:
    adbul brath-gnó thuc ó thig
    40] mac Athgló dia athchungid.
  12. "Tuc dam do rosc roglas réil"
    ar in drúi dognas doréir:
    "is tu rodelig d'fheraib
    clú enig do Gáedelaib."
  13. 45] "Rotbia cen chaire ceilge
    an condaige, a Fhirchertne,"
    ar fer in gascid guinig,
    "cid hí ind ascid imduilig."

  14. p.342

  15. Dorat rí Cláire is Chodail
    50] (ba gním áile is immomain)
    a mér fo shúil glais mar gló,
    co mbói for bais maic Athgló.
  16. Roráid tria debech i ndul
    (robáid cech n-enech n-adbul:)
    55] "d'fheraib is messe rotfhost:
    díl gresse d'emain t'óen-rosc."
  17. Cid Echaid éim, nírb essil:
    dodechaid réim rodessil,
    d'iarair usce úair imglain
    60] co fúair diamair dag-ingnaid.
  18. Óen-fher foláma cen locht
    sóerfher gráda glan-étrocht:
    ní rofhaem nech fri sét síd,
    acht óen do chét, in n-ard-ríg.
  19. 65] Roshír cech lúachair 'masech
    in fer túachail, ba tóisech;
    rosháil, iar cóir chuscle cain,
    co mbad fhóir usce imglain.
  20. "Sáegul duit, a rí rigi,
    70] cen báegul cen brath-bini:
    ní fhail sund fri dúise ndil
    nigi do gnúise, a glan-fhir."

  21. p.344

  22. Aidlis Eochaid in lúachair,
    nirb aimdeis, nirb étúachail:
    75] 'na diaid, cen glond mar rosgat,
    doriacht topur, tonn tiprat.
  23. Do chosc na fola, fír sain,
    negair rosc in ríg rathmair
    a topur na tonn táide,
    80] moambí bocur beó-báige.
  24. Tuc Eochaid a chend cen chol
    fo thrí co tend fon topor,
    corbo chró-derg in derc dron
    d'fhuil ríg, rogerg na rochor.
  25. 85] Fúair Eochaid na fert féile,
    tria nert ríg na rogréine,
    fó rúin, raga cech roimse,
    da shúil glana glé-shoillse.
  26. Feib roshill Eochaid Assail
    90] for in lind co ló-chassair,
    roráid tre bedg-bert in bres
    "is ainm duil Dergderc díles."
  27. Desin, ba togairm tocha,
    fail comainm in chóem-locha,
    95] ó condrecat cocur, cind,
    in topur is in trom-lind.

  28. p.346

  29. Desin rolád cen logad
    in cath for fál Findchorad,
    comlud catha, na rúad rind,
    100] is fatha trúag in tiug-lind.
  30. Don ríg rochés, ferr cach flaith,
    ní rob gerr mo grés glé-maith:
    mo fhlaith ic ríg na ngáeth ngrind,
    ná lámaig láech na loch-lind. In L.
  31. 105] Acsin senchus, srethaib gal,
    lacha Dergderc na ndamnad,
    mar frithi a lebraib lindi,
    fis sedmar na saer-lindi.

  32. p.348