Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 61

Móenmag

  1. Móenmag, cá Móen ótá in mag,
    tar cach róen ba ríg-adbal:
    fúair in ainm sóer co suba
    ó Móen maith mac Allguba.
  2. 5] Mar óen is clann Míled mass
    tuc Móen in ríg-fher robrass
    Labraid luchair, nad erchra,
    adnad suthain sáer-berrtha.
  3. Dá dán oc Móen, monur ndaith,
    10] ó fúair solud in sóer-fhlaith,
    gním berrtha ós braine belaig
    ocus maige a mór-fhedaib.
  4. Fúair forba fénnid cen brón
    ó Ébir ó Érimón,
    15] corslecht Móen, ba genand guin,
    ferand fuithir mac Forduib.
  5. Móen ruc ar tús, búan a blad,
    lúag tria rús ar roberrad,
    (foclaid slóg sencha ar Samain)
    20] il-lóg berrtha, Berramain.
  6. Berramain, somáin berrtha,
    fúair ro-Máin in ríg-threbtha
    ó chlainn Galaim na ngáire
    dáig bad bladaig bith-náire.

  7. p.336

  8. 25] É roberrad sund ar tús,
    (noco tennad cen trén-rús)
    Forbarr sáer na sluag, sellad:
    a grúad cháem rocét-berrad.
  9. Fail sund, ós cech cúan-bla, cind,
    30] tria chobra mbúada bél-bind,
    derbthas ní baisech blaide,
    senchas maisech Móenmaige.
  10. Cethrur Móen, co mbúada breth,
    ferr atchúala ar bith buidnech:
    35] in Móen-sin fri síd-blai seng,
    ciaptar rígdai, ba rothend.
  11. Móen mac Etna in file féig,
    Móen mac Ugaine airm-géir,
    Móen moraind Inbir Ella,
    40] molaimm Móen mac nAilella.
  12. Fríth tria cach sóer-blaid samail
    do Móenmaig do Berramain:
    gairther oc cóemaib na crad
    ó na Móenaib-sin Móenmag. M.

  13. p.338