Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 60
Mag nAidni
- Mag nAidni, co muriur mag,
co saidbri is co sóer-shlonnad:
fir maige Aidni na n-ech
fir nachdat daidbri im deibech.
- 5] Bágaim mo dul dia labrad
co slúag n-álaind n-imadbal,
as mo threbthus fo thurad
ria senchus ria sóer-bunad.
- Fiche is cethrur ráth-mug recht
10] do gnáth-chur ria comaitecht:
do chlainn Míled ba molad
a ngraimm ríg-fher ráth-mogad.
- Dá dag-mag déc cobo dó,
sét co sablad, ni sóeb-ró,
15] slaidset fri sobail, sercaid,
do chlainn Golaim gáirechtaig.
- Ba díb mac Allgubad find,
glac nach amdlugad Érinn:
trén-chaur nochlechtad claide
20] is noshlechtad mór-maige.
p.332
- Claide fidbad co fonnaib,
irgnam ráth i ríg-drommaib:
fogníd in cech throm-thuirt te
tene longphuirt is longse.
- 25] Snigtis tenid a meóir maith
cach tráth ba deóin don deg-fhlaith,
ó condrictis dáil fri dé,
a dí láim cech óen-aidche.
- De conattaig in ríg-fher
30] fid co maccaib mór-Míled,
dia slaide, fri sámus slaind,
combad árus dia chóem-chlaind.
- Dligid cen gairbe cen gol
ainm ó Aidne imadbol,
35] dáig dofuc a dairib draimm,
co fail 'na maigib mór-chlaind.
- Is and bebais in bladmar
adfét Segais sóer-adbal,
dianid sogairm slóg cose
40] comainm mór maige Aidne. M.
p.334