Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 58

Medraige

  1. Medraige mac Dorcain Maill,
    maic Tromda maic Calatruimm,
    do muintir maic Con don dáim
    ó inis iarthair Espáin.
  2. 5] Séolais for muir, nochar mall,
    muinter Maic Con co mbarann,
    cor' gab in trácht-sa uile
    ocon áth-sa Medraige. M.
  3. Clíath mac Cuillinn maic Duib-duinn
    10] do thegluch maic Con don tuinn
    adrochair ina thám de,
    ocon áth-sa Medraige. M.
  4. Is deshin atá Áth Clíath
    forsind áth-sa óshin ríam,
    15] ocus bíaid co bráth mbuide
    forsind áth-sa Medraige. M.
  5. Duibre mac Dubáin maic Deirg
    do muintir maic Con don leirg,
    rogab ocon trácht-sa adchí
    20] isind áth-sa Medraigi. M.
  6. Deshin atá Duibre donn
    forsind áth-sa ríam romam,
    ocus biaid co bráth mbuide
    forsind áth-sa Medraige. M.

  7. p.320

  8. 25] Neide níth-gonach, nar mín,
    is úada atá uisge mín
    do muintir maic Con uile
    itir Chron is Medraige. M.
  9. Gáeth mac Nechtain maic Firmóir,
    30] ba mac airderc Éremóin,
    maic Rois maic Inbir buidi
    dorat ingin Medraigi. M.
  10. Marcán mac Duinn mac Dathaig
    do muintir Chuinn chét-chathaig,
    35] dofóeth Marcán eóem cride
    ar óen ocus Medraige. M.
  11. Gaillem ingen Breasail búain
    rosfotraic 'sin lind lán-fúair:
    and robáided in géc gel:
    40] is úaidi ráiter Gaillem.
  12. Facus da chéli in da lecht
    Medraigi is Gaillme, dar lett:
    and atá Gaillem chride
    tóeb ri tóeb is Medraige. M.
  13. 45] Laigen garb-líath mac Dáire,
    maic ard-ríg na hEspáine,
    rogab ocon áth adchí
    co tí in bráth tar Medraigi. M.
  14. Ath Laigin óshin ille
    50] forsind áth, is biaid caidche,
    is biaid cosin mbráth-sa adchí
    forsind áth-sa Medraigi. M.

  15. p.322

  16. Fáilenn mac Illainn maic Neir
    tánic ón Gréic airtheraig,
    55] do chobair maic Con, dar lemm,
    cor 'gab i n-inis Fáilenn.
  17. Tar éis a gona is a chath
    mac Illainn, Fáilenn fledach,
    doluid ina réim roime
    60] co fil féin oc Medraige. M.
  18. Bairenn mac Bolcáin maic Báin
    maic Illainn asind Espáin
    luid cona fhairinn roime
    co Bairinn ós Medraige. M.
  19. 65] Is de atá Bairenn na mbenn,
    is inis folt-glan Fáilenn:
    lotar isin tráig-se de,
    isin maig-se Medraige. M.

  20. p.324