Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 57
Ath Cliath Medraige
- Diambad mé nochinged ind
i n-áth na find-fher fíal-grind,
bam-sa heól, fri fecht fátha,
do sceól chert in chlíath-átha.
- 5] Rop adba scíath ocus scen,
co n-ilur chlíath is coibden:
ropsat bróenaig a daig-fhir
i róenaib ria ríg-Mainib.
- Áth moa mbi fuil dar feraib
10] iarna nhguin do gnáth-beraib:
dia rotróeta co trúaige,
fir rogóeta glan-grúaide.
- Áth moa tucsat debaid ndeirg
clanna Dedaid fo díbeirg
15] do secht Mainib, sét rosern,
cona trichait cét cethern.
- Olc in t-adbar diambói sin,
ciarb adbal ind imgletin,
im tháin bó Dartada dil
20] trias' romachtada mór-fhir.
- Eochu bec mac Cairpre chain,
rí Clíach cen airdde ágmair,
ó Chuillind, fri fáth fessa,
doroacht áth in arm-thressa.
p.316
- 25] Fri homun tairir na tríath
clíatha draigin is derg-scíach
gníset moa n-áth dia aire
ríg na ráth na ro-Maine.
- Ó na clíathaib-sin amne
i n-íathaib Elga áine
is Áth Clíath co tresse threb,
mar bad messe nochinged. D.
p.318