Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 56

Sliab n-Echtga II

Fland Mac Lonáin post mortem suam cecinit.
  1. Áibind, áibind, Echtge ard,
    adba na fían foébur-garg,
    fond forsambítis maic Eirc,
    maigen Dublaithi im Derg-deirc,
  2. 5] Dindgna n-Echtge, Óenach Find,
    damsa ind úain, ronindisfind:
    ní búi róm, ní bia tar m' éis
    nech bus eólchu 'na n-aisneis.
  3. Aurgna dí mnái, diarbu mían,
    10] nognáthaigtis in nhgarb-slíab,
    Echtge ingen Dedaid druin,
    is Echtach ingen Lodain.
  4. Cía slointer in slíab slemain
    ó Echtge ingin Dedaid,
    15] cid é gairm nogairthe di,
    is ainm dó slíab nEchtaigi.
  5. Etarba na fích fuilech,
    crích na coibden cét-guinech,
    nostregtais conart chalma
    20] ina ndairib dond-garba.
  6. Domgnus rochosnatar thall
    clann Gairb do thúaith dé Danann:
    dind forsndessid Dolb drennach,
    forsmbíd Crochán cuslennach.

  7. p.306

  8. 25] Crochán do chúanaib Crúachan
    nímarulaid a rúathar:
    torchair la Dolb mac nDáilim,
    ruc coscur is chommáidim.
  9. Is and dessid Dolb détla
    30] for maigin in mór-échta:
    don chind ruc leis ina láim
    is de atá Cend Crocháin.
  10. Caille Candán, Clochar nGuill,
    Ross dá Corr, is Druim nDícuill,
    35] Druim Cairn, Druim Crocháin, Druim Cais,
    Druim Bainb, Druim Lochán leth-glais:
  11. Loch Gréine, Grían ingen Find,
    Loch nIbrach i n-Ibar-glind,
    Loch forsndessid Trom Tórach,
    40] fora ngair corr Crúad-glórach:
  12. Loch Cipp, Loch Gori, Loch Cnó,
    Loch mBricc, Loch mBairchi, Loch mBó,
    Loch na mBarc, ic Boith in Máil,
    Loch nEitte, Loch nEthludáin.
  13. 45] Loch ind Eich, Loch ind Áige,
    Loch na nDrúad, Loch na Dáime,
    Loch Láig, Loch na Fer Fuinid,
    Loch Nechtain, Loch nAthguinig.
  14. Áth na hOirgne, Áth na nOss,
    50] Áth na nDam adam dorus,
    Áth nDergmóna, Áth nDega,
    Áth Aithlessa ind Féindeda.

  15. p.308

  16. Áth na hEigme, Áth na n-óc,
    Áth na Raite itir dá Rót,
    55] Áth Ruba, Áth Roiss Murchon,
    Áth nDimma maic Edlicon,
  17. Áth ind Escrai, Áth nUidir,
    Áth Mór, Áth Mothair muinig,
    Áth in Míl, Áth nam-Meirgge,
    60] Áth Luinge, Áth Leth-dergge,
  18. Áth na Licce, Áth ind Lúain,
    crech Átha Callainn fothúaid,
    Áth Feda, Áth Ferta in Daill,
    Áth Lethan, lechta Conaill,
  19. 65] Caille Conrúi friu andess,
    fris' fertais óic écen-chless,
    Caille Nathfráich ó sin 'mach
    cor-ragaib Óengus Tírech:
  20. In tress-ainm dó iar tanaib,
    70] iar cathaib, iar congalaib,
    ba hé Caille in chlaideb-deirg
    ind láich luind Lugdach lám-deirg.
  21. Nert na n-óc ic rige andess,
    dorairngert Find flaith-écess,
    75] bid la Connachta a slat,26
    brait cid Mumnig nosmelat.
  22. Fri Leth Cuind cáin in t-shléibe
    Echtge áine amréide,
    is a hescáin co bráth mbalc
    80] fri Leth mór Moga Nuadat.

  23. p.310

  24. Romolus Dál Cais cétach,
    ní fúar indus da n-écnach:
    do Dál Chais, caiscid na clíar,
    ac nach aicind nech ainfhíal.
  25. 85] Inbaid robsom fáilid Fland,
    diamba ar sligid na sóer-chland,
    ní fúar i mBanba co mblad
    túaith rob ferr icht is engnam.
  26. Óen-fher díb tarla ar mo chind
    90] thúaid i tir Mane i Maig Fhind:
    bói i faichill ri bliadain mbuic
    ac tuilliud óen-bó is óen-bruit.
  27. Adubairt rim tria thúaichle,
    "geib dam senchas mo thúaithe:
    95] is bind riam chride roclos
    a ngrés cen chor cennaiges."
  28. Arsin geibim-sea dó in dúain,
    dó-som ní tharla a dimbúaid:
    do neoch rothuill, nír thairm terc,
    100] dorat dam uile in óen-fhecht.
  29. Atchúalatar Dál Cais cert,
    fúair onóir ina n-airecht,
    doratsat, in gasrad glan,
    deich mba cacha cethraman.
  30. 105] Ní closs terce brait ná bíd
    ar Dáil Chais nach ar a ríg,
    síl na carat, mar adcloss,/l[gt ]
    ní rabat 'ca n-anáibniuss.
  31. Éirig is taccair ri Brian,
    110] cid focus, cid gar, cid cían,
    ní fil a thotim can chath,
    noco tair a sáegul-rath.

  32. p.312

  33. Bid airdrí ar Erinn fechtaig,
    ná ceil air, a Ilbrechtaig,
    115] ní chluin ceól, ní chren indiu
    óen-rí dianat áibinniu. A. A.
  34. Abair thúaid ri mac Coscraig
    ri aig rogab Tuaim nDoss-glain,
    imgaibed Cúil, cian rocloss,
    120] nó biaid ina anáibniuss. A. A.
  35. Tadc mac Faelán, flaith find-Fáil,
    Corr Buide ocus Cend Gécáin,
    rucsat úaim mo chuit cinad,
    romgonsat co hessidan.
  36. 125] Maith roordaig Críst romchar
    in fingal dorinnetar:
    atú-sa ar seilb Ríg na Cross,
    atát-som cen áibinniuss. A. A.
  37. Ropo mé Fland, file féig,
    130] nobítis ríg dom roréir,
    ciarbam treórach, nírbam timm,
    ropo mé in t-eólach áibinn. A. A.
  38. Ciarán cend cach náib fo nim,
    acht mór-athair na muintir;
    135] ba misi cend na mbárd mbind
    dar'giall écse ard áibinn. A. A.

  39. p.314