Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 55

Sliab n-Echtga I

  1. Senchas Echtga áine,
    tria nert-bla co ndéine,
    táthum cona dálaib
    do dámaib fer Féine.
  2. 5] Rongab duine delb-glan,
    mac Ruide co roblad:
    's é fúair in tír tul-glan
    ó cach ríg dia fognad.
  3. O ríg Crúachan cloth-chóir
    10] fúair núachar co nert-máin;
    ba leis, daig cen dédail,
    feib fégair cech cert-láid.
  4. Lusca beist a lenmus
    ainm d'Fhergus mac Ruide,
    15] roalt i Síd Nenta:
    ann rogellta a guide:
  5. Ba cuchtaire ar chúanaib
    co mbruthmaire brígaig
    mac Ruide rúaid, rélaid
    20] fégaid ocus fíraid.
  6. Rogab gnímu dálim,
    doárim a dag-dáin,
    dia fúair deg-raind dind-móir
    i crích Sengaind sam-náir.

  7. p.300

  8. 25] Robói i ngrádaib roríg
    tria dánaib co n-il-áeb;
    acht cen gái dia glan-fhír
    ní fhúair mnái ronirfháem.
  9. Rothecht Fergus filte,
    30] do sherb-lus a shainte,
    ó Móen na treb tuilte
    cosin róen ic fairge.
  10. Targaid uile i n-óen-ló
    mac Ruide co róen-gái
    35] a thír cona thoirthe
    ina coibche d'óen-mnái.
  11. Hi crích Echtair airig,
    ic fertaib fer fuinid,
    roalt in gein grádmar
    40] Echtga ágmar fuirid.
  12. Deir co núachraib núa,
    do thúathaib dil Déa,
    Aurscothaig maic Thinne,
    gein co ngrinne gnéa.
  13. 45] Cach máin bói for talmain
    bói lasin sáir sobraig,
    acht foirb dáer ar dílse:
    nírb ísle dia roblaid.

  14. p.302

  15. Dorat airle ndúalais
    50] ara dailbe dílis
    dia daltu, gním góach,
    Dóach Móel-chend mímis
  16. Feis la Fergus frithir
    ar ergnus a fhuithir,
    55] ar a fúair do deg-raind
    í crích Sengaind sruith-fhir.
  17. Dorat uile i slabraid
    mac Ruide co rind-blaid
    in slíab, cosa saigid,
    60] co ndairib, co ndindgnaib.
  18. O fhuair slíab cen chísu
    in ben dían fri dúasu,
    ó shain, gairm fri gnásu,
    dofail a hainm úasu.
  19. 65] Is desin asberar
    Echtga, trebar tel-glas;
    sluind fiad chách cen trom-glas,
    dianid somblas senchas. S.

  20. p.304