Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 54

Sinann II

  1. Sinann, cá hadbar diatá,
    inneósad cen immargá:
    atbér cen snaidm co solus
    a hainm is a bunadus.
  2. 5] Innisfed do chách uile
    bunad Sinna srib-glaine:
    ní chél in dag-blad diatá:
    atbér adbar a hanma.
  3. Tipra Chonnlai, ba mór muirn,
    10] bói fon aibeis eochar-guirm:
    sé srotha, nárb inann blad,
    eisti, Sinann in sechtmad.
  4. Nói cuill Chrimaill, ind fhir glic,
    dochuiret tall fon tiprait:
    15] atát le doilbi smachta
    fo cheó doirchi dráidechta.
  5. I n-óen-fhecht, amail nách gnáth,
    fhásas a nduille 's a mbláth:
    ingnad ciarsad sóer-búaid sin
    20] 's a mbeith i n-óen-úair abaig.
  6. In úair is abaig in cnúas
    tuitit 'sin tiprait anúas:
    thís immarlethat ar lár,
    co nosethat na bratán.

  7. p.294

  8. 25] Do shúg na cnó, ní dáil diss,
    dogníat na bolca immaiss;
    tecait anall cach úaire
    dar na srothaib srib-úaine.
  9. Bói ingen, ba buide barr,
    30] thall a túathaib dé Danann,
    Sinann gasta co ngné glain
    ingen Lodain luchair-glain.
  10. Smuainis ind ingen adaig,
    in bind bél-derg banamail,
    35] co mbói da hindus cach mblad,
    acht in t-immus a óenar.
  11. Lá da tánic cosin sruth
    ind ingen, ba cóem a cruth,
    co facca, nochor dál diss,
    40] na bolca áilli immaiss.
  12. Téit ind ingen, toisc úaille,
    'na ndiaid 'sin sruth srib-úaine:
    báiter hí da toisc anall;
    conid úaidi atá Sinann. S.
  13. 45] Dénum aile, mad áil lib,
    uáim ar in Sinainn srib-gil,
    cé bethir lim 'ca légud,
    ní ferr hé 'ná in cét-dénum.
  14. Lind mná féile, ba fír dam,
    50] ainm na linde 'nar 'báided:
    is é a dír maras dise,
    más fír é fri indise.

  15. p.296

  16. Dénum aile, is mebair lemm,
    rochúala cách co coitchenn;
    55] Cú Núadat, ba mór maise,
    robáite 'sin chrúad-glaise.
  17. Nó combad Sinann co becht
    Sín Morainn, tre eterchert:
    sí in moirenn, aidble gním:
    60] áille Sinann 'ná cach sín. S.

  18. p.298