Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 53

Sinann I

  1. Sáer-ainm Sinna saigid dún,
    dáig rolaimid a lom-thúr:
    nirb imfhann a gním 's a gleó
    dia mbói Sinann co slán-beó.
  2. 5] Rop ingen rogasta ríam
    Sinann sholasta shír-fhíal,
    co fúair cach ndodáil nduthain
    ingen Lodáin laech-luchair.
  3. Hi tír tarngire co túi,
    10] ná geib anbthine imchrúi,
    fúair in suthain-blaid rosmill
    ingen Luchair-glain lúaidimm.
  4. Tipra nad meirb fon muir mass
    for seilb Chondlai, ba comdass,
    15] feib adrímem ria rélad,
    luid Sinann dia sír-fhégad.
  5. Topur co mbara búaine
    ar ur aba indúaire,
    feib arsluinnet a clotha,
    20] asmbruinnet secht prím-shrotha.
  6. Immas na Segsa so dait
    co febsa fond fhír-thiprait:
    ós topur na tond tréorach
    fail coll n-écsi n-ilcheólach.

  7. p.288

  8. 25] Síltair sopur na Segsa
    for topur na trén-chennsa,
    ó thuitit cnói Crínmoind cain
    fora ríg-broind réil roglain.
  9. In óen-fhecht n-a tuile thrumm
    30] turchat uile don chóem-chrund,
    duille ocus bláth ocus mess,
    do chách uile ní hamdess.
  10. Is amlaid-sin, cen góe nglé,
    tuitit n-a róe dorise
    35] for topur sográid Segsa
    fo chomdáil, fo chomfhebsa.
  11. Tecait co húais, ra gním nglé,
    secht srotha, búais cen búaidre,
    dorís isin topur the
    40] dianid cocur ceól-éicse.
  12. Adrímem in uide n-úag
    dia luid Sinann co sóer-lúad
    co lind mná Féile fuinid
    cona gléire glan-foruid.
  13. 45] Ní thesta máin bad maith linn
    for in saír sin ná saílfinn,
    acht immas sóis co srethaib,
    ba gním nóis dia núa-bethaid.

  14. p.290

  15. Rotheich in topur, toirm nglé,
    50] tria chocur na ceól-éicse,
    re Sinainn, rothadaill túaid,
    cor-riacht in n-abainn n-indúair.
  16. Rolen sruthair na Segsa
    ben Luchair na lán-gensa
    55] cor-riacht huru na haba
    co fúair mudu is mór-mada.
  17. Andsin robáided in breiss,
    is rothráiged fo throm-greiss:
    cid marb in ben co mbruth baidb
    60] rolen dia sruth a sáer-ainm. S.
  18. Desin fri déine ndile
    lind mná Féile fír-gile:
    fail cech óen-airm, cúairt n-assa,
    sáer-ainm súairc na Sinna-sa. S.

  19. p.29