Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 50
Carn Feradaig
- In carn-sa atchíu co ndechair
Feradaich co fír-brethaib:
am eól co húain in cech airm
'sin sceól ó fúair a chomainm.
- 5] Feradach don rothuilg ráin
ba mac Rochuirp maic Golláin:
Gollán cosin gol-gáith gil
ba mac Conmáil maic Ebir.
- Rogab tríath Temrach tíre,
10] Tigernmas co trén-ríge:
tri nói cath a crannaig cáil
robriss for clannaib Conmáil.
- Romarb Conmáel cond catha
i cath óenaig mór-Macha:
15] i cath Eille ar moch-ord áig
romarb Rochorp mac Golláin.
- Romarb Feradach iarsin,
romacc Rochuirp co ríg-gail:
corp as' rulaid iarna mairn
20] fail fot dumaib, a chóem-chairn.
p.268
- Feradach, ferad catha,
conidromarb mál Macha:
fuair dáil ná rodlecht adiu,
rothráig cocert a cairdiu.
- 25] Tigernmas co n-immud áig,
co libernmas, co lond-báig,
cona slóg co soblad sain
tuc mór congal im charnaib. In.
p.270