Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 49
Loch Lein
- Dlegair do lind Locha Léin
athchomarc a heterchéin,
mar tá ós chách cen chuit mbróin
fo bláth ocus fo bith-glóir.
- 5] Robói tan ba fíad fertach,
co n-ilur tríath tairbertach:
cía beith 'na rath-lind, lín bla,
for seilb Fathlind maic Áeda.
- Ó dolluid for selbai sláin
10] Fathlind maic Aeda Damáin
loch in chuire cháim cen chair,
láid do cach duine dlegair.
- Atchúala Lén, col-lín uird,
do bith fo brúch a bláth-buird,
15] diarchum cen tíam-gestal tais
níam-lestar Fainne Flidais.
- Oc Síd Buidb ba cerdd cen chair,
Lén Lín-fhíaclach mac Bolgaig:
Bolgach mac Bannaig, blad bil,
20] ba mac Glammaig maic Gomir.
- Cid carbad, cid cathbarr óir,
cid cúach, cid cairche ciúil chóir,
do Lén ba fír deg-blad de,
ba gním erlam ria n-aidche.
p.262
- 25] Iar scur cech aidche, gním cert,
dond fhiur foirbthe, nírb amnert,
dia indeóin, focherdded-se
úad co hindeóin na nDése.
- Tri frossa focherdded-si
30] ind indeóin co n-óibligi,
fross usci fedil fedma,
fross do thenid trichemda:
- In tress-fhross co nglé-raind glain
do némaind cháim chorcar-glain,
35] conid iat co ndénma dil
némna Locha Léin lind-gil.
- Maraid Loch Léin in laga,
co n-immud tond tóeb-thana:
i crích na nDése dia deóin
40] maraid dia ése a indeóin.
- I flaith Éremóin cen ail,
iar nglé-dedóil cen debaid,
túargaib, tar cach soairm sair,25
tomaidm Locha Léin lindmair.
- 45] Atberat sund iar saine
sáir-fhir ocus senchaide,
co ná fríth ri taidbsin thair,
co haimsir Cuind Chét-chathaig.
p.264
- Desin atá, ni tairm tó,
50] senchas Locha Léin iar ló:
is bretti a buide diar mblaid:
do cach duine ised dlegair. D.
p.266