Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)
poem 48
Srúb Brain
- Matan do Choin na Cerdda
for múr dron dúne Delga,
fri sechem slúag 'na saige,
ic fethem úar irgaile.
- 5] Co facca in muir n-uár n-altach
co slúag adbal ingantach,
fer co fáthaib rafhollaig,
ria ráthaib ria rodrongaib.
- Línsat triáth-mag a téite,
10] in slúag scíath-glan scíth-méite:
rochansat ceól cen chobra
for a seól co sír-solma.
- Ba lór do brón in betha
a nglór is a ngarb-gretha:
15] lór do déstin co dergnaid
déscin for a ndub-delbaib.
- Tri cóicait 'sind éill fo thrí;
lór ba léir al-línmairi:
duibithir funchi fedil
20] culchi cach eóin imthemin.
p.258
- Remra a cuirp is a cossa:
mosnáitis muir dia mbossa:
sithithir seóil for sessaib
scéith cach eóin cen imresain.
- 25] Secht n-artim fo thri tadbain
gulban cach óen-eóin angbaid:
secht cubait riged ránac
i tacmung a mun-brágat.
- Imsói fothu, feochar ngal,
30] Cú na cath is na comram:
rosoirg dia thábaill in daig
co rámaind is co redgaig.
- Desin roort uile n-óg
in énlaith olc ecal-mór,
35] tar cach ngaibél col-lín bla
cossin mbrainén ba tiugba.
- Rotheip a méide assa muin,
indlais a láma 'n-a fhuil,
roúaig cach rúin in callait,
40] tuc srúib forsin sen-charraic.
- Desin asberar Srúb Brain:
fégar cech rún tria rogail,
do gním in Chon, nár chatail,
sír in mod, cach moch-matain. M.
p.260