Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 46

Tipra Sen-Garmna

  1. Tipra Sen-Garmna fo a snas,
    cía sen-labra dia senchas?
    is cid diatá araile,
    Airer créchtach Criblaige?
  2. 5] In t-airer-sin cid diatá,
    ocus tipra Sen-Garmna,
    conécius dúib, dígrais band,
    aní diatát a n-anmann.
  3. Sen-Garman sléibe maic Sin,
    10] ó Loch Léin a hIrlúachair,
    ránic mór rót in ríglach:
    uair nirb óc, rop il-gnímach.
  4. Dorigne creich thess 'con tuind
    i nderna crúach-bás Crochduind;
    15] uais athbach dogéne iarsain,
    orgain Cathrach Comfhossaid.
  5. Iarsin luid rempi fo thúaid
    ind athben fhergach fhír-chrúaid:
    robí in fer fallán co fraig
    20] Gannán 'na nóid hi Caislib.

  6. p.244

  7. Ránic rempi, monor ngrind,
    co Mongfind, co muime Find,
    cor' loisc macraid, dia fúair blad
    in-Nóid Dromma búain Bertach.
  8. 25] Tánic rempi cen temel,
    ránic co síd fer Femen,
    coromarb Dub Róit ind ráin,
    inna nóid féin oc Formáil.
  9. Sen-Garman 'sa mac co mbail
    30] sníset fri fat hi fogail;
    andsin gníset cairddes cain,
    is Criblach cáin a Cruachain.
  10. Mac do Chriblaig Crimthann Cass:
    nírb é in t-imgand ar ernmass;
    35] cid a chomáes, ba calma
    im sogáes mac Sen-Garmna.
  11. Nert nónbair robói i Criblaig,
    airm i mbenad fri hirgail:
    ocus nert nónbair samlaid
    40] fri slóg-blaid i Sen-Garmain.
  12. Nert dá nonbur lethu a ndís,
    gním cen chlethu cen athscís;
    gráin cethri nónbur samlaid,
    ed robói dia comchablaig.
  13. 45] Ba hingnad la Find a rád
    don chethrur chalma chomlán,
    fogail cen laicce ria lind
    do dénam aicce in hÉrind.

  14. p.246

  15. Noslenann Find féin iarsain
    50] co ndeochatar don talmain;
    co ná fúaratar a ndín
    ar maig nó ar muir nó ar mór-thír.
  16. Co fúaratar lathe n-and
    topur uisci úar-abann,
    55] iarna tichtain a talmain,
    ciarb ingnad la Sen-Garmain.
  17. Cuirid Garman sís a mac
    iar scís ocus iar comrac,
    consói Slechtaire na slat
    60] i n-agid trell na tiprat.
  18. Geibid glanad na hadba
    co látir co lán-chalma;
    focheird úad dia múr immach
    a húr is a hard-grenach.
  19. 65] Iarsin luid immach ar cúl
    ocus ní rocheil a rún:
    fúair dín ar arm-gail shlóig Fhind
    tech mór fo thalmain tírimm.
  20. Lotar in cethrur calma
    70] do shaigid na sen-adba;
    rucsat co diamair dia ndín
    immad fíadaig is fíad-míl.
  21. Luidset laithe for Lúachair,
    ciarbo thaithbe imúathaid:
    75] atchíat din rót, nád fhetar,
    óclach n-óc ná 'dgénatar.

  22. p.248

  23. Ossíne is é robói and,
    trúag in t-ecmong nárb admall:
    recait a ngleó cen chabra:
    80] berait leó dia prím-adba.
  24. Lá d' Ossín issin tig thall,
    inna chumriuch co himgand:
    tuc dó crand sóer dia snaide
    Crimthand Cóel mac Criblaige.
  25. 85] Rosnas Ossín dó a chrand
    co hadnár is co hadmall:
    indsmais cen docair gái nglan
    immar rosfocail Crimthan.
  26. Dorigne Ossín foa choimm
    90] liathróit do chasnaide in chraind:
    rolla úad a hind a glac
    immach ar lind na tiprat.
  27. Fechtas bói Find forsind áth
    dered lái i n-etarthráth:
    95] co facca chuice in snaide
    do brú Féile find-glaine.
  28. Gebis 'n-a láim, mod n-ergna,
    ba móite leis a menma:
    Ossín fogní, ar cach fer,
    100] cipe baile asar' teilced.

  29. p.250

  30. Lotar ind fhían uile as
    cosin sruth coa bunadas:
    atchíat fotholl tói talman,
    áitt i sír-bói Sen-Garman.
  31. 105] Dosberat slega chuccu,
    focherdat úadu a mbruttu;
    fúaprait tochailt in talman
    conusfacca Sen-Garman.
  32. Dolluid Criblach úadu immach
    110] dar in cét n-erred n-armach:
    rosmarb Find fíal iar saine
    thiar i nAiriur Chriblaige.
  33. Sernais Slechtaire, seól ngar,
    conair aile, astur talman,
    115] luid díb, feib digsed in gáeth,
    in leó luthmar labur-gáeth.
  34. Dolluid Find, ba mod n-amra,
    i ndegaid maic Sen-Garmna:
    rí fían co nglére rangell24
    120] thiar oc Bérre na mbémmend.
  35. Cechaing Crimthand dar in féin
    ocus ropo chrúaid a chéim:
    sedlais co sóeb iar saine
    Crimthand Cóel mac Criblaige.

  36. p.252

  37. 125] Sen-Garman dobert anís,
    (nirbo chéim cert) iar n-athscís:
    atnaig a cend i ruth gait;
    cuirthir a corp 'sin tiprait.
  38. Ni fharcaib Currech, cluintir,
    130] mac nothuilled trén-muntir,
    acht techtaire cen tarba,
    Slechtaire mac Sen-Garmna.
  39. Is é sin senchas iar fír
    ocus ba hé sin a ngním
    135] ind lochta lúaidset din t-shlait,
    fúaigset Ossín fon tiprait.

  40. p.254