Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 45

Slíab Míss

  1. Míss, ingen Maireda múaid,
    maic Caireda claideb-rúaid,
    rogab slíab 'n-a selb-raind sain
    co cían ós derb-chlaind Dedaid.
  2. 5] Dia farcabsat crích maic Sin
    clanna Maireda mór-mir —
    Echaid is Rí, rígda in scor,
    barr-thús dírma cen dochor,
  3. Ba sóer-ben slúaig co saine
    10] do Chóemgen chrúaid chongnaide,
    Míss, fúair, cen a dedail de,
    sóer-druim Senaig 'n-a slaibre.
  4. Senach garb mac Dedaid déin,
    is and ba marb forsin t-shléib:
    15] and fail fo tháth fo thuba
    a ráth is a róen-guba.
  5. Fúair Míss ós dairib na ndám,
    ingen Mairid co mór-grád,
    fri foshnaidm, cen déine ndíss,
    20] sogairm sóer sléibe sen-Míss. M.

  6. p.242