Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 44

Temair Lúachra

  1. In Lúachair dano, in Lúachair,
    diamsad cuman, a búachail,
    robo mag find-lethan fóen
    co n-imat róen is rúathair.
  2. 5] In Lúachair dano, in Lúachair,
    ba treb glan toga tuachail;
    ind inbaid rochlóechlói gné
    ba cáime tír tarngire.
  3. In Lúachair dano, in Lúachair,
    10] ba hadba niad is núachair;
    robo mag scothach fo scí
    co remes mac nUgaini.
  4. In Lúachair dano, in Lúachair,
    ba himda sleg 'na slúag-thaig;
    15] i n-aimsir Dedaid maic Sin,
    nosfuilngtis a scoth-shemair.
  5. Rob áibind do chlainn Dedaid
    dia raibe a tech i Temair;
    ba háibind Temair 'moa tig
    20] i n-aimsir Dedaid maic Sin.
  6. Tucad d'ingin Lugdach luind,
    ar thóchim do thír fo thuind,
    cach forba togad ar thlus,
    ar brogad forsin turus.

  7. p.238

  8. 25] Oc Eremón robói in ben;
    is sí robói i Temair Breg,
    ocus a mbói sundana:
    is di atá Temair Lúachra.
  9. In aidche rogénair Conn,
    30] ba fáilid riss Ériu oll;
    innti rochinsetar tra
    Siuir, ocus Eóir, is Berba.
  10. In aidche rogénair Conn,
    asracht cech flaith co foroll;
    35] innti rofessa, búan bla,
    Bile Tortan, Eó Rossa.
  11. In aidche rogénair Conn
    ronassa Ériu óen-glonn;
    Loch Riach, is ann rochin sin
    40] ocus Loch Léin ós Lúachair.
  12. Is mé Fintan; am fer sen;
    rochlóechlói mo ré is m'ed;
    tánac i nInis Fáil find
    cethri tráth déc ria ndílind.
  13. 45] O rodoirt díliu for bith,
    rochuir m'aes — ní gúach in grith:
    nomfil oc Dún Tulcha tra,
    i n-iarthur thúaiscirt Lúachra.

  14. p.240