Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 42

Cend Febrat

Mac Raith Uá Paain cecinit.
  1. Cend Febrat, álaind slíab sen,
    adba robúan na ríg-fher,
    atchíu, is adba fír-fhíal hé,
    d'éis na ríg-fhían co rogné.
  2. 5] Tánac-sa lá co moch-moch
    tar Cend Febrat na n-úar-scoth:
    ní dál do dermat dúane,
    tar Cend Febrat folt-úane.
  3. Domrimart gáir na gáithe
    10] im chotlud co cíall-báithe,
    ba dál fri gáise glaine,
    eter láirne láechraide.
  4. Mar rochotlas, cóem in mod,
    and fofhúaras m'airfiteod:
    15] tarfas dam co fír i fat
    cach síd fail i Cind Febrat. C.
  5. Iarsin co facca in dún dron,
    i fail cath-gus cen chrínod:
    im-mullach Cuillen cuillech,
    20] i mbíd cruind-fher crúad-buillech.

  6. p.228

  7. Fúaras nech roaisneis dam
    issin dúnud cen dorchad
    sudigud na fert i fat,
    fail co cert i Cind Febrat. C.
  8. 25] Fert Cáin maic Deirg dúalaig druin,
    ó fail slíab Cáin in choscuir,
    rosamlad ar mo láim deis;
    rop adbar áig i n-éisleis.
  9. Atchondarc and fert n-úathaid,
    30] duma nEirc a hIrlúachair;
    'sind leccain dind leith atúaid
    atá 'na lepaid lán-chrúaid.
  10. Fert Garbáin maic Dedaid déin,
    airm i n-adnacht 'sind aursléib;
    35] cert a níam mar atá thair,
    ní cían ó lecht mná Dubthaig.
  11. Fertán Dubthaig féin rofess
    'sind leccain dind leith andess:
    'sin tulaig ónd lecht ille
    40] fert i fail Lugaid Láigde.
  12. Atát ferta na tri mban,
    im mnái Dáire cen dorchad,
    im Eithni, im Máir, im Mugain,
    táib fri táib 'sin trom-thulaig.
  13. 45] Dofil úadaib thair 'sin chnucc
    fert Dodera fo dond-brutt,
    iarna guin co fíar i fat:
    noco chían ó Chind Febrat. C.

  14. p.230

  15. Atá in tibar, áille blad,
    50] cen chúas ocus cen chrínad,
    ós lepaid Lugdaig in lúain,
    ic dún Dubthaig anairthúaid.
  16. In tibar diarlen in t-ainm,
    i Cind Febrat in dath-airm,
    55] fair, mar atchúala messe,
    atát búada is búan-gesse.
  17. Cipé fongeib dia láim deiss,
    méraid cen galar, cen geiss,
    ra haiss Mac Dé rodlúthaig,
    60] conid laiss a lán-dúthaig.
  18. Cipé fongeib dia láim chlí,
    roordaig rí in betho bí,
    is sí a déin-breth ria dérge,
    a glé-meth nó a gair-sécle.
  19. 65] o rogabsat Túatha Dé
    for fund Fótla co find-gné,
    ós róen na ndrúad find i fat
    atá in chróeb i Cind Febrat. C.
  20. Cend Febrat is Cend Cuirrig
    70] is Cend Cláire chrúaid-buillig,
    ocus Cend Aífe amra,
    frismben sáithe sen-labra.

  21. p.232

  22. Ó mac Flaind ónd Loch Slemain,
    a n-imthús ní hanmebair:
    75] marait sund ria techta trell
    cethri slechta na sen-chend. C.

  23. p.234