Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 41

Crotta Cliach

  1. Sunda sefain fer síde
    Clíach na cruite ceól-míne:
    fuair gráin fri gorm-greis ngrinde
    ic dáil chomdeis Chonchinde.
  2. 5] Robói bliadain, buidnib tor,
    cen chóemna ocus cen chotlod,
    feib sennad slóg na síde,
    nothendad brón ban-bríge.
  3. Ní tharlaic Bodb, brígda tor,
    10] Clíach dochum síd fer Femon;
    atgeóin fri fochmarc fuired,
    in tochmarc, in tochuired.
  4. Oslaicc talam, tólaib tlacht,
    fiad na slógaib i sír-chacht;
    15] amru brígaib, bág n-uide,
    sám fri sídaib sám-chuire.
  5. Airm i tathaim ar thimme
    Clíach, rochachain ceól-binde;
    and rolúath-gab cen lumma
    20] draic úathmar fil isunda.
  6. Loch Bél Dracon — dremne gal,
    cen meirbe is cen míbal —
    tríath trethain co trumma thair
    diarbo Clíach, sunna sefain. S.

  7. p.226