Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 40

Carn Húi Néit

  1. Lecht Bressi co mbúada,
    cosna gessi gráda,
    maic Elathan óebda
    deg-athar ar ndála,
  2. 5] Dag-macc Néit maic Indúi
    co nglan-gairt, ba hAlldaí,
    mac Thait as mac Thabuirn
    co ramuirn co rablaí,
  3. Mac Endai maic Báad,
    10] ráad iarna rethaib,
    mac Ibaid co n-óebdacht
    robo sóer-macc Bethaig,
  4. Mac Iarboineóil fátha
    co ngliaid bireóil úatha,
    15] mac Nemid co congaib,
    luid il-longaib lúatha.
  5. Ba hé sin a cairddes,
    ní hairdmes co mertain,
    Túathe Dé co demin
    20] fri claind Nemid nertmair.

  6. p.218

  7. Bress, ba cóem in cara,
    ba sóer is ba sona,
    mind slúaig cen gné nguba,
    do Thúaith Dé ba toga.
  8. 25] Ól cét cacha cléithi
    cen tréithi don tríathach,
    do lacht búair co n-uidre:
    fúair duilge don bíathad.
  9. Hi flaith Nechtain bass-cháin,
    30] co serc-blaid co sith-rúin,
    for ríg na dá Muman,
    fríth bunad don bith-dúil.
  10. Búar Muman cach baile,
    pudar búan, la suide
    35] forollscad for ratha,
    comdar datha duibe.
  11. Foillged littu lúatha
    lasna gliccu gnátha
    'mon búar co mblaid ítha
    40] cosa frítha fátha.
  12. Delbsat crann-búar cobsaid
    in sam-slúag sóer slim-sain
    Lug, ba gor cach n-am-sain
    rostog is rostimsaig.

  13. p.220

  14. 45] Lín-paite 'na ngablaib
    fri sír-thraite sulbair;
    rota cen bracht mbal-glain,
    's é lacht rodasurmaid.
  15. Tri chét, ba hé al-lín-sin
    50] ar sét cosin slúag-sin:
    tria cheó ngó don gliaid-sin
    nír beó bó don búar-sin.
  16. Dolluid Bress co mbruth-gail
    dia mess co lár n-achaid:
    55] desin cen síl sorthain
    torchair ocus tathaim.
  17. Romessad ónd albín
    tri chét sessar serb-dúr,
    dia ól don ríg rindmor:
    60] ba tirgnom cen deg-rún.
  18. Geiss do Bress a n-opa,
    na cless dobreth chuca:
    mos-ib cen nach n-ecal:
    ní fhetar cid thuca.
  19. 65] Hi Carn húi Néit níamda
    romarb in géic grúamda,
    mar attib cen omun
    dig don rodub rúamda.

  20. p.222

  21. Dind áil-sin cen uisse,
    70] iar scaichsin a geisse,
    gráid cen dlecht cen deisse
    dofil fair lecht mBreisse. L.

  22. p.224