Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 39

Tond Chlidna II

  1. Genann mac Triúin, torum ndil,
    ba hé tríath in tíre-sin;
    ó rogab fonn flatha fáe,
    ba cáime dia chlaind Clidnae.
  2. 5] Brígda in bedg, bresta in forrach,
    doluid Ciabán cass-mongach,
    dia ránic Mag medrach Mell
    tar drong ndegrach na dílenn.
  3. Iar techt i tír, tólaib gal,
    10] conid ann roarlastar
    trí cóicta gol, erctha raind,
    im Chlidna ingin Genainn.
  4. Trí cóicta túath fil 'sin raind;
    gíall cach túaithe il-láim Genaind;
    15] dofil sund ingin cach ríg
    'm irla ingine ind ard-ríg.
  5. "I n-anmaim Dé tíag-sa dó;
    biur-sa lium in ingin-so:
    is sí doróega cen locht,
    20] Clidna chend-fhind chness-étrocht."
  6. Cechaing céim ina churach,
    fáchaid in tír trén-brugach,
    conid iarsin Síd nEna;
    guilsetar na hingena.

  7. p.212

  8. 25] Tuir ocus túatha in maige
    dosfúartha fon golgaire:
    línsat airer na trága,
    d'imfhastud na gabála.
  9. Atbert Genann — garg a gráin:
    30] "Cia fuaitges i n-athgabáil,"
    atbert-som tar ler longach,
    bertis Ciabán cass-mongach.
  10. Atbert Genann, ósin t-shlúag:
    "Maith, a Chlidna chaindel-grúad:
    35] ind inbaid ticfa do lá,
    cía mod arafesur-sa."
  11. "Bíd th'aire frissin lá atbél:
    atbiur frit, bid é mo scél,
    ticfa tond tennfas trilis,
    40] corua tar th'adba it inis."
  12. Conid iarsin, trúag in dál,
    doluid Clidna la Ciabán;
    dirgset in seól, sóeb in sess,
    timchell hÉrenn aniardess.
  13. 45] Esnad na gáithe gairge,
    ocus anfad na fairrge
    dosrat fri grian, síd nad lac,
    i n-inbiur Trága Tellat.

  14. p.214

  15. Mogenar do Chlidna cháid,
    50] ó doluid issin éc-dáil,
    issin airm rochlóechlói deinn
    co fil a hainm ós hÉrinn.
  16. Ní sochtmar anocht in tracht,
    Tond Chlidna cid aréracht:
    55] benaid béim fri Banba mbind
    iar sáeth ingine Genainn. G.

  17. p.216