Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 38

Tond Clidna I

  1. Clidna chend-fhind, búan a bét,
    'con tuind-se tánic a héc;
    damna d'a máthair beith marb
    inní dia tarla in sen-ainm.
  2. 5] Dia ndernad in t-óenach the
    ac lucht tíre tairngire,
    is é thuc in mnái tre cheilg,
    Ciabán mac Echach imdeirg.
  3. Rígan ind óenaig thall tra,
    10] ingen dar' chomainm Clidna,
    tar in ler lethan longach
    tuc leis Ciabán cass-mongach.
  4. Rofhácaib hí forsin tuind,
    luid uaithi echtra n-étruimm,
    15] d'iarraid selga, monur mass,
    luid roime fon fhid fholt-chass.
  5. Tánic in tond tara éis,
    do Chiabán nírbo deg-shéis;
    mór gním, ba dimda linne,
    20] bádud Clidna cend-fhinde.
  6. Tond dúine Téite na tríath,
    issé a hainm roime in bar n-íath
    nocorbáided 'mon tuind tra
    ben diarbo chomainm Clidna.

  7. p.208

  8. 25] Lecht Téite 'sin tráig-se thúaid;
    rogáet immese a mór-shlúaig;
    lecht Clidna 'sin tráig-se thess,
    fri Síd Duirn Buide anairdess.
  9. Fliuchthar folt in Duirn Buide
    30] i tondaib in trom-thuile:
    cid dimda do neoch fuil ann,
    is sí Clidna nosbáidenn.
  10. Ildathach is a dá macc,
    robáitea in triur ac tochmarc;
    35] is mairg roadair don luing
    náchasanaig ar óen-tuind.
  11. Cóica long lótar tar sál,
    teglach tige Manannán;
    nocharb í 'n chongaib cen :
    40] robáitea ar thondaib Clidna. C.

  12. p.210