Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 36

Mag Femin, Mag Fera, Mag Fea

  1. Femen ocus Fera find,
    mílid mera na mór-dind,
    is Fea fri fid-fhogail Fáil,
    maic Inogaich maic Dacháir,
  2. 5] La claind Míled mhbadba mhbrais
    brogsat co Banba mhbarr-glais;
    a n-airm fri dúal a ndána
    bacc is túag is trom-ráma.
  3. Túag oc tamnad oc trén-mud,
    10] ocus bacc ic eirémud,
    a n-airm ána cen úabur,
    ocus ráma oc rorúamur.
  4. Slechtsat tri maige, méd n-amm;
    techtsat tria gaire a ngarmann:
    15] Mag Fea, ní dela do deir,
    Mag Fera ocus Mag Femin.
  5. Nochuired cach eile,
    cen fhuirech cen aithméile,
    cen baeth-rún rosmairn immaig,
    20] cláemchlúd airm ocus ernaig.
  6. Mag Fea, nírthréic, ciarbo thúi,
    Fea ben Néit maic Indúi,
    find-ben ba sercaigthi serc,
    ingen Elcmairi fhíal-chert.
  7. 25] Atchúala, co ngile gné,
    dá dam Dile derscaigthe,
    Fe ocus Men fria ngairm sein,
    ó fail ainm ar Maig Fhemin. F.

  8. p.200