Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 35

Mag Raigne

  1. Atchúala daig-fher ndámach,
    diarb ainm Raigne Románach,
    do thiachtain fri serc-blaid snéid
    i crích nertmair Narbonéin.
  2. 5] Tri dán tucsat for Raigne
    sráb na Gallia glan-aidble,
    tarthúd úire for fénaib,
    tascrad feda find-fhrémaig.
  3. Scáiled in mur-gabuil múaid,
    10] cos' tathig Ligir lond-glúair,
    co mbeth fo mud cach inse,
    do thóeb tharpech Torinse.
  4. Rosforb Raigne in rámai ráin,
    cen daidbre ocus cen dodáil,
    15] fer cos' nárthathig terca,
    fri trib lathib lán-cherta.
  5. Étlais úadib in fénnid
    cosna búadib bith-réillib,
    ná beth fo dáire thailc thall;
    20] tuc leis túaig baicc is rámann.
  6. Cechaing co forud Fótla
    cen robud, cen ríg-fhócra;
    dessid in deil degrach donn
    i n-Imliuch menmnach Mecconn.

  7. p.196

  8. 25] Slechtais in flaith féig fartail
    in fidbaid réil ríg-shlattaig;
    conid Mag Raigni rúanaid,
    co saidbri, co sóer-búadaib.
  9. Mac Ugaine, aidble gíall,
    30] Raigne roscadach ríg-fhíal
    rogab in mag slúagda sel;
    rochúala corbo daig-fher. A.

  10. p.198