Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 34

Port Lairge

  1. Fil sund áige do churp ríg;
    dafuc sáile dar srib-gním
    fri sóer-sheirc sith-baill suilig
    óen-meicc Cithaing cét-guinig.
  2. 5] A hInis Áine na n-arg
    ruc Rot a báire bith-garg,
    in taur testa cach thíre:
    ba caur cnesta cocríche.
  3. Etir tír ocus tuind tig
    10] cechaing mac in duind deinmig
    a chlé fri muir nIcht n-etal,
    a dess fri bruig mbúan-Bretan.
  4. Cocúala in fagur andsin,
    ropo magur co mór-nim,
    15] muirn na mur-duchand mara
    ós na tonnaib tóeb-glana.
  5. Cáine suire fri cach seilb;
    ba cáime cech duine deilb
    a cuirp ós tonnaib tuile,
    20] cona mongaib ór-buide.
  6. Tuilfitis slóig in betha
    ria nglóir is ria nglan-gretha:
    nístibred im báig mbíthe
    dáil fria cness fria cóem-chíche.

  7. p.192

  8. 25] Ina mbíd fo uisce díb
    ropo chuiscle cen cháin-bríg:
    métithir tulaig tend-glain
    do muraig do mór-femnaig.
  9. Tuc mac Cithaing sain-sheirc sáir;
    30] ní fríth serc dó 'na chommáin:
    fuair Rot, cen grés ria nguide,
    olc ba bés don ban-chuire.
  10. Romúchad, romarbad Rot,
    is rodamnad a dond-chorp:
    35] céin bad buidech, mar báigid,
    dia bith marb 'na min-áigib.
  11. Doriacht anair dar sál seng
    corogab íath-port nÉrenn
    lárac ós bund, mar báige,
    40] co fil sund a sóer-áige.
  12. Desin is ráitte cach íath
    Port Láirgge nal-lethan-scíath:
    dáine is dían ar gurt mad glecc
    dóig is lucht fíal co failet. F.

  13. p.194