Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 32

Loch Garman

Eochaid Eólach Úa Ceirín cecinit.
  1. Rí na loch in loch-sa thess,
    Loch Garman na nglan-écess,
    cúan cróebach lethan nal-long,
    óenach na n-ethar n-étromm.
  2. 5] Inad as ruidles do ríg,
    i comraic muir is mór-thír,
    dún iar ndíchur ídal as,
    súairc roshílad a shenchas.
  3. Cía díb ropo thúsciu threll,
    10] iarfaigther d'eólchaib Erend,
    loch na slúag ria thadall tair,
    nó ind aband úar ronindsaig.
  4. Imchían etarru moalle,
    mad-dia-fégthar fírinne,
    15] ó maidm na haband cen ail,
    co maidm in locha lind-glain.
  5. Ind aband atracht ar tús,
    am eólach ina n-imthús,
    ní rabi in loch mór-glan mall,
    20] co cían dar éis na haband.
  6. Fri ré Catháir na cath crúaid
    maidm Locha Garman glan-úair;
    fri ré Fer mBolg cen báne
    maidm sunna na sen-Sláne.

  7. p.170

  8. 25] Tri fodla for Feraib Bolg,
    cid a n-imlúad, ní hanord,
    gabsat Érinn iar n-edaib

    co trén a tri hinberaib.
  9. Oén trían dib áirmither and
    30] i n-inbiur dóinech Domnann;
    in dara trían cen taisse
    i n-inbiur dían Dubglaisse.
  10. In tres trían tánic ille
    co hinber slúagach Sláne,
    35] im Sláne cen gairra bad gand,
    ó fuil a hainm na haband.
  11. Is ed tancatar i tír,
    longes Fer mBolg mbríathar-mín,
    co port Cóelrenna, ná ceil,
    40] úair ba hé a ainm ind úair-sin.
  12. Is and tancatar na slóig
    i purt Chóelrenna in chomóil;
    ó na rámaib rucsat and,
    is úadib ráitir Ramand.
  13. 45] Senchas anma in locha láin,
    dia tucam a thuarascháil,
    ria aisnéis, cid mór in mod,
    is é a maith, a mínigod.
  14. Feis Temra cech tres blíadna,
    50] do chomull recht is ríagla,
    dogníthi in tan-sin co tend
    ic rígaib allib hErend.

  15. p.172

  16. Dorigne Catháir clemnach
    feis racháim na ríg Temrach;

    55]
    tancatar 'mon feis, ferr de,
    fir hÉrenn co hóen-baile.
  17. Tri láa re Samain, búan bés,
    tri laá na diaid, ba deg-bés,
    don t-shlúag, rias' ba dímór daig,
    60] ic sír-ól frissin sechtmain.
  18. Cen gait is cen guin duine
    occu ind airet-sin uile,
    cen imbert n-airm ná hálad

    cen écraite d' imrádad.
  19. 65] Cipé doneth ní díb-sein
    ba bidba troch co trom-neim;
    ní gabtha ór arand úaid
    acht a anam fri hóen-úair.
  20. Robái trén-fher 'sin taig thall
    70] for cúl Chatháir, ní chelam,
    Garman mac Bomma Licce

    di shlúag Berba barr-bricce,
  21. Dia tarla dó 'sin taig the,
    diambái in mór-shlúag ar mesce,
    75] mind óir na rígna do gait,
    nirbo gním cóir do charait.
  22. Élaid immach le mind n-óir
    otá Temraig in trom-shlóig
    co ruacht inber Sláne seng
    80] i n-airthiur descirt Érenn.

  23. p.174

  24. Tecait atúaid 'na degaid
    munter Chatháir chorr-beraig:
    nafairthet 'con tiprait tall,
    robái i n-inbiur na haband.
  25. 85] Tan rogabsat Garman ngarg,
    maidid in tipra trén-ard,
    otá carraic co muir mass;
    ó shain is loch lethan-glass.
  26. Báitir Garman 'sin loch lán;
    90] na heólaig aca imrád;
    cúan na scen is na scíath nglan
    is úad rolen Loch Garman.
  27. Is é sin senchas cert cóir
    ind locha roglain romóir,
    95] is na haband, óebda al-lí,
    ica n-anann cach ardrí.
  28. Fecht robái Catháir cíall-glan
    i tossuch búan a bethad,
    co tarfas dó físs, rofess,
    100] tuc slúag Érenn i n-ard-chess:
  29. Ingen briugad cétaig cáim
    co ndeilb luchair co lán-áib
    do thócháil chind, nirbo chol,
    don churaid ina chotlod.
  30. 105] Cach dath cóem atchí duine,
    do gurm do bricc do buide
    is do chorcair, ba súairc sin,
    ina hétgud 'mon n-ingin.

  31. p.176

  32. Is amlaid robói in ben bán,
    110] torrach, is a brú bith-lán,
    co cend ocht cét mblíadna mbil,
    cid ingnad fria innisin:
  33. Co ruc mac, ba maith a mét,
    rochuir mór láech i lúath-éc:
    115] in lá rucad, ba sóeb sin,
    tressiu in mac indá a máthir.
  34. Triallaid in máthir ós mnáib
    techt úaid ara imgabáil;
    ní fhuair conair, cuirit gleic,
    120] acht tre medón a mór-maic.
  35. Cnocc áibind ósa cind chóem

    na mná is a maic maróen;
    léir dia mullach in bith búan;
    nirbo menic cen mór-shlúag.
  36. 125] Bile óir 'sin chnucc cen chath,
    ricced a barr nem nélach;
    airfitiud fer ndomain de
    atchloss do baurr in bile.
  37. In tráth nobenad gáeth gúr

    130]
    frissin mbile mbocc mbarr-úr,
    nobíd lán adbal, a fhir,
    ar lár talman dia thorthib.
  38. Cach torad nothogtais slúaig
    anair anes is atúaid
    135] immar thuile mara maill
    ticced d'uachtur ind óen-chraind.

  39. p.178

  40. Is í sin físs fir ind áig
    'moandéntais Lagin lúthgáir,
    Catháir maic Feidlimthe fhind
    140] ardríg Érenn a hAlind.
  41. Iarsin dúscid in flaith fíal
    asa rochotlud rochían,
    cend slúaig Lagen immalle,
    d'innisin a aislinge.
  42. 145] Garthir chucci in drúi dámach
    ocon ríg ba rográdach,
    dó co roeirned dia ailt
    na huile cesta atchondairc.
  43. "Ernifetsa" ar in drúi daith,
    150] "dianamraib lúag bas lán-maith,
    lat chátaid it chrí chena"

    atbert Brí mac Baircheda.
  44. Tecait cura daingne dó
    fri lúag d'fagáil in cach ló,
    155] is fri cátaid thall 'na thig,
    fri séta mar rochuinnig.
  45. Iarsin berid in drúi dóib
    breith na físsi co fír-chóir;
    feib ruc riam in mbreith co mblaid
    160] dia éis cid cían comailtair.

  46. p.180

  47. "Is í ind ingen adbal ard
    atchondarc-su a rí rogarg,
    ind aband fail it tír the,
    dianid ainm sír-búan Sláne."
  48. 165] "Is iat na datha atbere
    i n-étgud na hingine,
    áes cach dána núi fo nim
    cen inandus 'na n-aistib."
  49. "ís é in briugu cétach cind,
    170] rop athair don ingin fhind,
    talam," ar in drúi dia deóin,
    "triasatá cét cech ceneóil."
  50. "Is é mac robái 'na broind
    ocht cét bliadna, mar bágaim,
    175] loch geínfes uaidi ar gurt glas,
    ocus frit lind-siu lethfas."
  51. "In lá geinfes cona gáir,
    báidfid in n-abaind n-imsláin:
    cách 'ca hól-si dara hor,
    180] acht cid mór-si bid mó-som."
  52. "Is é in cnocc mór, mó cach dind,
    atchonnarcais ósa cind,
    do nert-su ós chách, is mochen,
    cen tráethad is cen tairnem."

  53. p.182

  54. 185] "Is é in bile óir ainbthech
    gécach, lethan, lán-toirthech,
    tussu it ríg for Banba bind
    is for cach adba in hErind."
  55. "'s é in t-airfitiud co n-úaill
    190] robái i mbaurr in bile búain,
    th' aurlabra fíal, óebdu de,
    ic sídugad sochaide."
  56. "Is í in gáeth cobsaid cen chrúas
    rothascair na toirthe anúas,
    195] th'enech, a déit-gil dúanaich,
    ic dáil chruid do chóem-shlúagaib."
  57. "Is duit atá a breth bunaid
    na físsi ar cach prím-thulaig;
    ní fhail do chreitim it chrí
    200] ar hÉrinn corbat óen-rí."
  58. Eochaid eólach, diarb assa,
    fofuair súithi senchassa
    do Loch Garman tall na thír
    ic adnad rand do roríg. R.
  59. 205] Cuintgim itge ar Día dam,
    co rob maith imthús m'anman,
    roslena cin i crí,
    'con fiur ac'nárba haithri.21

  60. p.184