Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 31

Ard Lemnacht

  1. Senchas Arda Lemnacht láin
    fil lim fri ferdacht find-cháid,
    adbar dia fríth túaichle tra
    do marbad túaithe Fidga.
  2. 5] Crimthaind Sciath-bél, roscáil scíam,
    ba rí ós gasraid Galían;
    is dó ropdar birda baill
    túatha Fidga ocus Fochmaind.
  3. Níslaimed turbaid ar bith,
    10] nísgaibed urgail arm-grith;

    cach a ngontais, cían ind ail,
    ní blaissed bíad 'na bethaid.
  4. Comlund cét cach óen-fher díb,
    forlund am-mét ria mór-rím;
    15] gabsat 'na fíchaib thall thair
    co rosdíthaig cland Chruthnig.
  5. Solen, Ulfa, Nechtan nár,

    Oengus, Lethend, is Drostán,
    sé maic Gelóin cen gním ngand,
    20] fríth a ndeg-fhóir do Chrimthand.
  6. Iarum asbert Drostán drúi
    fri muintir Crimthaind cleth-núi:
    "mad ail am-marbad co mer,

    is é a ndamnad a ndíchned:"

  7. p.166

  8. 25] "Anan-gonfat Fidgai fir
    mescthar i lind lemnacht gil:
    ó ág arm ndremun ndréchtach
    atré slemun slán-chréchtach."
  9. Tuctha cóica ar cét bó mbocc
    30] co hóen-magin co hóen-chnocc;

    rotomlacht cen lúag al-lacht
    i cnucc úar Ardda Lemnacht.
  10. Fríth in cach deg-amm don draimm
    ferand Fidga ocus Fochmaind;
    35] ar chlód na fer máerda mass
    dianid sód sáerda in senchass. S.

  11. p.168