Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 26

Ath Fadat I

Etan

  1. Monúar ní-for-táthaig
    ní ba deog di bláthaig,
    ní béra for máthair
    mac óshund immach:
  2. 5] Fadat ó Loch Lurgan,
    atbeir frib in t-augtar,
    dofaeth do gái bulgach
    fri Laigni i cath.

Fadat

  1. Ticfa Dóe, ní dínech,
    10] co leind is co mílech
    co n-arm daigrech dírech
    do chur choscair chrúaid:
  2. Ticfa Caichni chabsaid
    co n-arm ágmar arsaid
    15] ragaid das for n-amsaig
    is hí béras búaid.

Etan

  1. Is é a fhír nách fetar

    ní-dom-geibend ecal
    dim leod nó dim letrad
    20] i cath chlaidbech chrúaid:
  2. dofaethsaid dom tháthluib,
    is dofaeth for mbráthair;
    rosia co for máthair

    is mé béras búaid.

p.154

Fadat

  • 25] Hé do díl a dáir-fhir!
    ní-don-coiscfet Gáidil;
    do chlaideb féin fáindil
    tescfas dít do chend:
  • Dotrua Dóe na ndond-bratt,

    30]
    ocus Caichni chomnart,

    is Fadat fer fond-balc;
    bid comrac tri tend.
  • Etan

    1. Is mise in caur cétach
      ó shlúag adbul échtach;
      35] am draic díne ndréchtach;

      derb is dam is dúal:
    2. Tucus mór do chathaib;
      ní gébaid frim athaig;
      torchair lim for n-athair,
      40] tóeth in mac, monúar!

    p.156