Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 18

Maistiu I

  1. Robái brón for bantrocht ban
    sund 'sin maig mór ria n-imscar,
    do díth Maisten, méit núachair,
    tánic aister n-étúachail.
  2. 5] Mac Echach tóeb-fhata thair
    tuc in sóer-data sulchair
    a crích Comul, grían gossa,
    a forud fíal Oengossa.
  3. Feib rosill Grís for in nglain,
    10] romill cech mís a menmain;
    roscar fria náire is fria nert
    dag-mnái Dáire tria dráidecht.
  4. Tarlaic Dáire dímer dron
    don t-shleig míled cen míchor
    15] urchur thuc Snúaid dar sise
    dar ingin rúaid Richise.
  5. Aided Maisten cen scís nglé
    la Grís ingin Eichise;
    aided Gríse co ceird chrúi
    20] di shleig Dáire deirg drech-núi.
  6. Monúar cen mairer na mban,
    trúag a n-aided a n-imscar;
    tuc cói for in slóg i socht
    diambói brón for in mbantrocht. R.

  7. p.136

  8. 25] Ingen d' Oengus in Máer mall,
    ba hemain cáem fri Conall,
    tuc díth a shethar ria slóg
    crích a bethad fo bith-brón.
  9. Sund tuc Oengus deilb croisse
    30] do Maistin co cóem-loisse;
    roscum co samrúin samlaid
    ingen mag-rúin míadbail.
  10. Ba caill chnesta chíar chnómar
    in fíad mesta mid-ólach:
    35] iar ndíth a ruirech co rath
    fríth a mbuiden co brónach. R. b.

  11. p.138