Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 17

Rath Cnámrossa

  1. Fail lim do Laignib cach ló
    senchas saidbir, nach sóeb-ró,
    ó fail gairm (gníthe gossa)
    ainm cóém críche Chnámrossa.
  2. 5] Sund doriacht fri duilge de,
    iar cath bruidne breó-deirge,
    eo n-ilur chrécht ocus chned,
    mac Cécht maic Slaide Seched.
  3. Tuc leis in fomaire fir
    10] ríg-mac Conaire chélig,
    Lé fri Flaith, co fír focail,
    dáig is é rochomthocaib.
  4. Hi tul a scéith chimsaig cóim
    rothimsaig tuc in maccóim;
    15] in mac cen arm-gail ngossa
    bái 'n-a charnail chnám-rossa.
  5. Rombáid fuil is tesbach tromm;
    fuair esgal is anforlond,
    dia toracht, dál fo deime,
    20] co Fán-Chorra Eidnige.

  6. p.130

  7. Andsin asrubart mac Cécht
    dáig romudacht in mór-écht,
    "ním-chin fri tarrgraig tossaig
    dít charnail dít chnám-rossaib."
  8. 25] Topacht a thul dia thargu
    co r'adnacht 'mon ríg-damnu;
    co tí in dál-sa, mar rosdet,
    is sí ind ráth-sa dosfailet. F.
  9. Hiburni mac Deduis daill
    30] doriacht sund co mac Cumaill
    co cnóib seirce Segsa arsain
    ó mnái Bernsa a Berramain.
  10. And asbert Find flaith na fer
    fri Hiburni ndaith ndorn-mer,
    35] nachdat cnói dag-ruis dálaig
    acht cnói amruis anshádail.
  11. Ó na cnóib dar fál-gus féig
    dogarar Cnámrus comréid;
    foscress Find fo thalman traig
    40] ní fess adbar ardosfail. F.
  12. Robriss Bressal bélach bailc
    for clannaib Cairpri chomthailc
    co n-a chlaind (gníthe gossa),
    cath crúaid críche Chnámrossa.

  13. p.132

  14. 45] Esbuid nónbuir is nói cét
    is nói míli, ba mór-bét,
    ó Chairpre co tríathaib thair,
    im Fhíachaig, im dá Eochaid.
  15. Atát sund fo charcraib cairn
    50] ó romachtait 'sin mór-maidm;
    co tí in bráth-sa, in tan bas chet,
    dosceil in ráth-sa i failet. F.

  16. p.134