Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 16

Dún Crimthaind

  1. Madochód in echtra n-áin
    a dáil Uisnig esnaig úair:
    is mór do muir is do thír
    do mac ríg, don ruide rúaid.
  2. 5] Lod-sa for séit, slicht nad mer,
    tre bréic ocus aslach mban,
    isin tír moaniada ler,
    dianid múr ngel argat nglan.
  3. Condomrala dochum slúaig
    10] ós grúaid maige Eolairg áin;
    tri nói cóicat, tri nói ríg,
    ba sed al-lín ina ndáil.
  4. Tucus-sa cúach mbendach mbán
    Tuathail dar sál romra réin;
    15] tri nói deog, ba sed a lán,
    focress di grán, mass a méin.
  5. Tucus fidchill Guaire gil
    do thondaib Lir, línaib gal;
    sét bad fherr ní fríth fo nim,
    20] i fil tri cét gemann nglan.

  6. p.122

  7. Tucus lenid Loga luind
    dom thír do thuind mara mind;
    sechis ór forloiscthe fland
    rofuacht ó hall cota hind.
  8. 25] Tucus claideb lasrach lond
    Congaile, cond échta uill;
    ba mind rígraide Inse Fáil
    cét nathrach n-óir iarna druim.
  9. Tucus scíath ba Dáire deirg
    30] assin leirg dia ngontis bidg;
    tri nói saiget argait gil
    immon bil tria crechad cirb.
  10. Tucus sen-sleig maic Dá Dend,
    lia chend, nirbo choscar fland
    35] ní fil ó turgbáil co fuin
    rofesed cia luib a crann.
  11. Tucus delg Labrada lúaith,
    maic Aeda Abrat, iar n-ár;
    tri nói gem carrmocail coir,
    40] ba foir 'na sreith ara lár.
  12. Tucus dá choin Canann ciúil,
    nirb obair liúin rodusclái;
    fíu cét lánamna tar ler
    in t-shlabrad gel ardusbaí.

  13. p.124

  14. 45] Tucus licc co slabraid báin
    Tuathail maic Smáil, mellach maín,
    co failgib findruine fonn,
    co figi ronn tara taíb.
  15. Tucus tábaill maic Da Dés
    50] crichid in grés, acht mad cel,
    óen da móided, anmain nglain,
    ní fil ó thalmain co nem.
  16. Tucus tallainn Fiachach fois
    ba fiach fir fois, cend tar ais,
    55] ba sed a frithatad fir
    glas-ordnech gim chulind chais.
  17. Tucus echfhlesc, trichait ndúal,
    Ruadrach rúaid don rígraid réil,
    cona dúalaib cissib coir
    60] don luib is gilithir gréin.
  18. Donarraid mór fer co feirg
    for cach leirg in Érinn aird:
    ar n-adaig ic Druim da Roth
    rodonclái gol ocus mairg.
  19. 65] I mBeind Etair, aidbli bág,
    cos' tathig sál sétaib snúad,
    fail dún dianad murbach án
    múr már maic Lugdach ria lúad.

  20. p.126

  21. Robrises mór carpat múad,
    70] fofúar argat ocus ór;
    ní gó sin uile acht is fír,
    is echtra ríg madochód. M.

  22. p.128