Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 15

Bend Etair II

  1. Cid dorcha dam im lepaid,
    cid scél fromtha is fír-deccair,
    imréil fri solad slimda
    cach romag cach rodindgna.
  2. 5] Mór do beinn fri forgla fert
    ós cech fhorba cen anrecht,
    gním cech cuiri fo chuimsi
    condat uili imshuilsi.
  3. Atchíu chóiciur ndindgna ndocht
    10] co hirgna ocus co hétrocht;
    ní fand-éirge dar samlaib
    barr-fhéile ocus bith-adbail.
  4. Bend Etair, étan fri tuind,
    Dún mBrea maic Senboth Saeruill,
    15] Óe13 Cualand fri fogla frais,
    Druim Ing maic dobga Dorb-glais,
  5. Slíab Lecga in láthair iarsain,
    fri fáthaib is fri fogail,
    in cóiced find-fhadb fromtha,
    20] cid imard ní himdorcha.

  6. p.112

  7. Adfias dúib fria chobra cáim
    cen dogra ocus cen doláid
    a senchas cen bóeth-rún mbocc,
    etir soer-dún is soer-chnocc.
  8. 25] Partholon rotherba thair,
    co mbeith ós Elga oll-blaid
    Brea mac Senboth co sír-gail
    fri hengnom fri hairm-dígail.
  9. Comrac óen-fhir, nách maith mod,
    30] fríth la mac sóer-dil Senboth,
    na fian-fhlescaig fo thuga,
    na hiarn-lestair imduba.
  10. Fúair Brea mac Senboth na sleg
    dún is inber is ard-ler;
    35] is é sin, nír théit-mer tra,
    ba cét-Fer a n-aittrebtha.
  11. Andsin atbath Brea co becht,
    is a chland uile i n-óen-fhecht;
    al-lechta fri slúag-bann slatt
    40] i crích Cúaland atcondarc.
  12. Cóic mná tucsatar ille
    cóic maic Dela cen duibe;
    rop hí in chóiced ben bladmar
    Etar étrocht imadbal.

  13. p.114

  14. 45] 'Sí conapaid sund ar thús
    ria mnái cech ríg, is rorús,
    di chumaid Gaind gécaig glúair
    hi mBeinn Étair fri hóen-úair.
  15. I n-Étar, fúair duilge de
    50] cen chuibde cen chomnairte,14
    ruc bás in glé-mall gasta
    ben ríg Frémann forusta.
  16. Desin atá Etar án,
    in ríg-phort cétach comlán,
    55] cia rothecht fri selba sáith
    Etar ergna mac Étgáith.
  17. Etar co n-elgnus cech áig
    robúi i clemnus Manannáin;
    marb sund dar sáile iar saine
    60] do sheirc Áine imglaine.
  18. Crimthand Sciath-bél, scíam fri cath,
    las' torchair Cúalu cétach,
    tuc a chend slúag-barr samlaid
    i n-Óe Cúalann crech-adbail.
  19. 65] Ind ail úag fors' ruirmed sain
    cend rúad ruibnech ind ríg-fhir,
    is di as ainm ós chói chabsaid
    ind Ói airdirc imarsaid.
  20. 'Sin chath chétna chomdas cailc
    70] docer mac Dorb-glais dorn-bailc,
    is rohadnacht cen esair,
    i nDruim Ing cen imresain.

  21. p.116

  22. Díb-sin gairther cen góe nglé
    Druim Ing is Óe co n-airde;
    75] dia ndíth fri slúagaib segair,
    dia n-úagaib dia n-aidedaib.
  23. Diarchengsat fri holl-baind n-uilc
    tri maic Conmaind maic Conmaicc,
    's tri húi Duind Désa dámaig,
    80] forbái bésa bith-gábaid,
  24. Aidche Samna sainriud sain,
    damna d' indriud is d'irgail,
    co tech nDeirg dorsig daire,
    diamtar comsig Conaire,
  25. 85] Ba hí a slige al-Luing Laga,
    sech thuind Uair-beóil imthana
    do Glind-dá-Grúad dar Gabair,
    dar Súan is dar Sencharaid,
  26. Do déscin radairc co réil
    90] i n-Óe Chúalann fo chomréir,
    do Chuiliund chíar, dar Crecca,
    dar Sruthair, dar Slíab Lecga.
  27. Slíab Sobail maic Sengaind sin,
    as cach deg-raind deirb deithbir,
    95] co hIngcél nóisech néime,
    ainm tóisech in t-shen-shléibe.
  28. Andsin asbert Lomna drúth
    cen dogra is cen dothnúth;
    "Fácbaid sund fri báire mbil
    100] liic láime cech láech-fhir."

  29. p.118

  30. "Cech óen in t-shlúaig-se báid bil
    bas túairse áir is airlig,
    tecat sund fri toiche tig
    ar chend cloiche cech óen-fhir."
  31. 105] "De-sin fesfaide uile
    tesbaide for trén-chuire;
    ní bia sund fri gairm ngairthi
    acht cloch cech mairb mudaigthi."
  32. Ó na lecaib-sin ille
    110] réil ós tecmaisin tíre
    Slíab Lecga im radarc fhromtha
    cen amare ní himdorcha. C.

  33. p.120