Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 12

Fornocht

Find cecinit
  1. Fornocht do dún, a Druim nDen,
    lomnocht do múr, do magen;
    atchíu don bláth fertha fort
    ó' ndiu co bráth bat fornocht.
  2. 5] Alaind do brúach, do braine,
    bind-guth cúach it chomnaide,
    étrocht do múr maignech mass,
    do dún dairgech dulend-glass.
  3. Bat dín ar gád 's ar guba,
    10] bat fál is bat fidruba;
    mian leinn ar cúl 's ar n-agid
    rit múr is rot mór-magin.
  4. Missi i n-iarthur Insi Fáil,
    is tussu thair fo thendáil,
    15] gelair scor glethe i ngurt fheóir,
    melair blethe sech mulleóir.
  5. Tic a annum nech is ferr,
    cech n-allud bid airísell:
    ba bruiden ban ndérach ndocht,
    20] ciatái co férach fornocht. F.

  6. p.98

  7. Is it dígail, a Druim nDen,
    Ossin is Cháilte cnes-gel
    robeotar Unchi diandeóin
    ic áth Unchi eochair-beóil.
  8. 25] Oén for trí secht doriacht and
    la hUnchi mbrúachda mbél-chamm;
    roslechta 'n-a sechtaib sain
    i sechtmain iramon Samain.
  9. Unchi triana thétnais tind
    30] atá 'n écmais a cháil-chind:
    dosfucsat sithfhir i socht
    co frithir is co fornocht. F.

  10. p.100