Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 7

Liamuin

Fulartach cecinit
  1. Dindgnai Lagen, líth ngaile,
    in sluindet na senchaide?
    na dindgnai, na rátha ar-rec,
    imda fátha dia fuilet.
  2. 5] Sluindfet-sa féin fáth dia fail
    nonbur dindgna dia ndindgnaib;
    co bráth bid blad cen malairt,
    ná raib cách 'n-a chumtabairt.
  3. Liamuin, Forcarthain na fót,
    10] Miannach, Trustiu na trom-rót,
    dindgnai dia ndechraib garmand
    co n-a cethrib cáem-anmand.
  4. Miannach, Fercarthain na fled,
    Liamuin, is Trustiu tóeb-gel,
    15] ingena, selb-gním saine,
    di chlaind deg-ríg Dubthaire.
  5. Dubthach Dubthaire drech garg,
    rí Dése Breg na mbúan-bard,
    leis co hech-brug na n-inber,
    20] diarbo chethrur cóem-ingen.

  6. p.68

  7. Mí bendachtan, clechtas cách,
    'sind amsir-se ní hingnáth,
    Dubthach ar tús rathuill sin:
    d'úib Cuinn is rús in riagail.
  8. 25] Othur bliadna, ba breth gáeth,
    ó cach ríg do cach roláech,
    acht Dubthach, ba h-adbal ed,
    ní thabrad cen a thuilled.
  9. Dubthach mac Fergnai fhéil fhind
    30] maic Muredaig maic Sínill
    maic Bregoin búadaig co mblaid
    maic Oengusa maic Eogain.
  10. Eogan brecc sluinter cose
    mac Saer-Fhiachach Suidige
    35] maic Fedlimthe Rechtmair róin
    maic Tuathail Techtmair trén-móir.
  11. Is é sin senchas cose
    Dubthaig deg-rig na nDése
    dom aisneis dán-irlaim dam
    40] etir lán-dindgnaib Lagen.
  12. Maic Achir Chirr cháim ón chúan,
    d'Érnaib Muman na marc-shlúag,
    fúaratar bás, nar thimm techt,
    romill a n-ás i n-oenfhecht.

  13. p.70

  14. 45] Rocuired geis co ngus garg
    for in cethrur cóem comard,
    nírbo dál deis fo demi,
    ba geis triangrád ngentlidi,
  15. Co tuctais ar bruig bethad
    50] cethrur díles derb-shethar,
    nó co n-agbaitís a n-éc:
    dóib nirbo cáine a comét.
  16. Fomu ocus Roimper réil,
    Fernocht, Perdub co ndag-chéil,
    55] ruc úan dag-rand, mar rodlecht,
    lúad a n-anmand i n-oenfhecht.
  17. Na maic-sin a hÉrnaib úan
    ropdar sain-sherca, sóer-shlúag,
    maic Achir Chirr in chóicid,
    60] maic Echach fhind andóitig,
  18. Maic Moga Láma cen locht
    maic Lugdach luind na longphort
    is Olldóitche, forgle find,
    maic Corpre chruthaig chrom-chind.
  19. 65] Tancatar, trén in t-astar,
    cor' tuiltis a tuarastal
    cethri brugthaid, breth ngaile,
    co tech Dubthaig Dubthaire.

  20. p.72

  21. Cethrur ingen Dubthaig dil,
    70] cethri maic dóib-sium demnig,
    mar is gnáth sorthan cose,
    rochomchar cách a chéile.
  22. Dochúaid Dubthach, cath cen chlód,
    i cóiced Lagen lán-mór;
    75] 'con chethrur rocharsat de
    roansat dara ése.
  23. Iar n-anad dar ése ind ríg
    tancatar ass cen imsním,
    dar cend calaid cech céte,
    80] dremm in galair glé-bréce.
  24. Romarb Dubthach in dremm cóem
    iar comrac dóib toeb fri tóeb:
    marait ferta a fót-ráth ndil,
    etir óclách is ingin.
  25. 85] Lentair Miannach dar cech mag
    co Miannach in' romarbad;
    marbthair in ben co mbrut baidb
    cor'len don chnuc a comainm.
  26. Marbthair Fercarthain na fled,
    90] i Forcarthain rofoirged;
    súil-mall mongach cen marthain
    fúair forrach i Forcarthain.

  27. p.74

  28. Marbthair Liamuin láthair láin,
    barr-chass clechtach im chongbáil;
    95] fuair bás dia sár-airbirt sain
    triasnid lán-airdirc Liamain.
  29. Marbthair Trustiu i Trustin tes,
    mesti don cháim a cairdes;
    sluinter cnocc cairn in bile
    100] triana hainm na hingine.
  30. Romarbad Fomu i Fomain,
    in find-chass co find-choraib,
    tic mór slim-slúag ar saine
    dar dá find-grúad Fomaine.
  31. 105] Rolenad darna linntib
    co Glaiss Rompair Roimper,
    co torchair Roimper rúad,
    ní dointnem a imlúad.
  32. Fernocht i Fornocht na fled
    110] a chnes co crúaid roclaidbed;
    fúair in gein aradain olc
    ac fagadaib i Fornocht.
  33. Ferdub drech-garg na ngaisced
    ic Dubathaib derg-Maisten,
    115] 'con chnuc, fo scíth crech claidbech,
    fríth a drech do dian-airlech.

  34. p.76

  35. Luachair Bairendach co mblaid,
    máthair chumthach in chethruir,
    doriacht dia haidid ind fhind
    120] etir maigib na mórdind.
  36. Fomu fer Liamna malle;
    comáesa na dá chéile,
    días gasraide na ngel-lám
    casmaile in dá chóem-lennán.
  37. 125] Fercarthain, ba féta a drech,
    a serc, áirmim cen fuirech;
    is triana comrád chinntir
    a rográd do Roimpir.
  38. Fernocht ac Miannaig cen meirg;
    130] ní roscabair dia chrúaidh-cheilg:
    rosluit láech na ferg fromtha,
    a chelg nir chelg chobartha.
  39. Ferdub ac Trustin tóeb-glain;
    rocáinte na comshaeglaig;
    135] co a sloind nít saéba sunna
    mo raind cháema chutrumma.
  40. Na dindgnai-sa turmim trell
    molfait eolaig na hÉrenn;
    sluindfitit co sádail sin
    140] dia ndálaib is dia ndindgnaib. D.

  41. p.78