Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 6

Ceilbe

Muirghes Mac Pháidín Uí Máolchonaire cecinit.
  1. Mithid dam comma Ceilbe,
    is airilled d' Athairne,
    ré th'aithme, ní hicht mbille,
    ris cen aisde is inglinne.
  2. 5] Caibdel cen chomma ar Cheilbe
    dob éisledach d' Fbercheirtne:
    tlacht ní thig cen rúad, ge raib,
    ris cen a dúar 'na dechair.
  3. Frecnairc fri hecnairc anois,
    10] a lucht imdénma in fhenchuis,
    Ceilbe cen chur i comma
    nochor shona a serthonna.
  4. Commáin ria cur romermais
    oirb-si a aidne in dinnshenchais;
    15] gerr co ngada a dallbaeh de,
    in t-aba ó' ccantar Ceilbe.
  5. Der sin do Chairpre Nia-fer
    Bé gel-chnes bresda báin-gel,
    ba búaid tlossa ocus tascair,
    20] 'san chnoc-sa rochleachtastair.

  6. p.56

  7. Olc leisi ger thriall tathaim
    cen urgnam 'ca hard-athair,
    cen scur oibre na haitrib
    a coigle gur críchnaiged.
  8. 25] Ann dobrethnaig Finn file
    mac Rossa rúaid Ráirinde,
    in géir-fhile co ngrethaib,
    céilide 'ca cháim-shethair.
  9. A thoisc dobo thúar rige
    30] do thig na mná mídige,
    cen grád cen oman uirre
    tre fholach a hurgnaime.
  10. Tig cuige, nír chéim cubaid,
    bíad nar máite ar mogadaib
    35] tarla ara chinn fairthe fled:
    doathain Finn gur foilged.
  11. Aithis in file fechair
    a díbe ar a droich-shethair;
    a rú co crích nír cuired
    40] clú líth arar' lámuiged.
  12. Gaduis do druim a doirre
    cen saogal fri sentuinne
    d' ingin a derbráthar dil:
    a nemláthar donóisig.

  13. p.58

  14. 45] O't cluini Bé gel-chnes gel
    aithesc aicher an fhiled,
    ann adbeba co mbraise
    's a fleda 'na fiadnaise.
  15. Mairg dodiult rena dathad
    50] derbráthair a degathar:
    a fled a haithle a huile
    ba hed fairthe a fornime.
  16. "Claiter fert don mnái mongaig"
    adeirdis a Domnannaid
    55] "focheil Bé 'san tulaig the
    dagné fon chubaid Ceilbe."
  17. No mad áil dúib 'na dechair,
    mór riam egla ind inchrechaid,
    dogéb-sa tráth ar thulaig
    60] fáth far' chnesda a canamain.
  18. Cairpre Coilbe, nír chondla,
    ba hé in fó co fresabra:
    adranacht sunn, até beó,
    géill na Helga, dob andró.
  19. 65] Ó 'tchíat claon-glonna in gille,
    adbert cách a coitchinne
    "Rochol bí 'san tulaig the,"
    conad di is cumain Ceilbe.

  20. p.60

  21. Cairpre Coilbe is dlecht-ainm dó,
    70] do mac rolangach Rosso,
    Cairpre Nia-fer co faichlib,
    cía lia fer le' fír-gairthir.
  22. Ingen cen lúad ní leicéb
    do Cherball mac Muiregén:
    75] a hairm 'na eigre dissi:
    Ceilbe a hainm 'ca hindissi.
  23. Táet sunna dia saigid sin
    fáith rob ergna 'na aimsir,
    cen dailb ní fann-ád rofess:
    80] Dallán ba hainm don éicess.
  24. Tig Ceilbe d'fháilte is d' fhuráin
    fri Dallán mac Machadáin:
    tig cráeb co n-iaraib aice
    fo diamair a díllaite.
  25. 85] Ar comrac dóib 'sin deg-sheilb
    atbert fri búa n-Echtigeirn
    "Foillsigther lib cen doirr de
    a bfuil fom' choimm má cuimge."
  26. Cen intreib is cen uráil,
    90] scél fromtha ar mac Machadáin:
    adfét in drái don moill móir
    a mbái foa coimm a cédóir.

  27. p.62

  28. "Atá lat a ingen fhinn,"
    adbert in drái cen díchill,
    95] "cless doilig, táeb fri tairngib,
    cráeb droigin fo dub-airnib.
  29. "Bid aithrech, a ingen fhéig,"
    doráid in t-éicess anséin:
    "millfet lí th' aigthe ar m' fhechtus
    100] bid é th'aithe ar m' eisceptus."
  30. Ann adbert Ceilbe chubaidh:
    "mé ar th' inchaib, a ollomhain:
    tre cen taidbred in toraid
    cen m' ainmed fom' adabair."
  31. 105] "Uaim do chosc do dimda duib
    dia do chumail am' chinaid
    mar íc im áilgis oraib
    in fáid-lis a bfuarabair."
  32. "Mo shelb uile cen anád
    110] bid lat, a mic Machadáin:
    cen lúad m' eigre fom' inad,
    acht Ceilbe uaim d' ainmniugad."
  33. Gé thug sissi a seilb don fháid
    fúair ingen Cherbaill chnes-báin
    115] ainm an lissi cen lagad:
    nách snaidm dissi a derlagad?

  34. p.64

  35. In file is tromma tomrai
    tre febus a eladnai,
    gar da thromma a ndligthir de:
    120] mithid dam comma Ceilbe.
  36. Ná sir comairem, mochen,
    má tái a Choimde rem chuired,
    crét doní im nóin re t' fhine,
    más í in chóir docaithfide.
  37. 125] Mór céim 'nar chintaig mise,
    dá mad amm da indise,
    ler' dinged in cló na chneid:
    filled is mó ná mithid. M.

  38. p.66