Corpus of Electronic Texts Edition
The Metrical Dindshenchas (Author: Unknown)

poem 4

Cnogba

Fland Mac Lonnán cecinit.
  1. Búa, ingen Rúadrach rúaid
    ben Loga mic Céin cleth-rúaid,
    is ann rofoilged a corp;
    fuirri romúrad mór-chnocc.
  2. 5] Cnocc ic Búa i medón Breg,
    baile i tartad in deg-ben,
    isin phurt-sin sund ana;
    is ainm don chnucc-sin Cnogba.
  3. Acht cid étromma ria rád
    10] d'anmannaib Cnogba comlán
    dílsi dó cnocc Búi amach
    ó Búa ingin Rúadrach.
  4. Ingen Elcmair ann robái:
    ba lendán Mider don mnái:
    15] lendán di-si féin in flaith
    fer a Síd Midir mór-maith.
  5. Englec ingen Elcmair áin
    lendán Óengussa imláin;
    Oengus mac in Dagdai dil
    20] nírbo lendán don ingin.
  6. Dolluid Mac in Óe ergna
    fodess co Cerainn Cermna
    'sin tShamuin teintig thríallaig
    do chluiche fri comfhíannaib.

  7. p.42

  8. 25] Dolluid Mider, messu de,
    rosfarraid daranése:
    berid Engleic leis ó thig
    assin co Síd Fer Femin.
  9. Ó rochúala Óengus án
    30] a lenmain imma lendán,
    dothéit dia fochmarc, fír dam,
    cosin rochnocc óa rucad.
  10. Rob é lón a shlúaig, líth nglé,
    cnói cró-derga na caille;
    35] léicid a lón de for lár,
    feraid guba immon cnocán.
  11. Cía 'dberar fris cnoc Búi drend,
    is é in cotarsna comthend,
    fuaramar conid de atá
    40] don chnó-guba-sin Cnogba.
  12. Cométar ocainn 'malle
    a mebrugud na láide,
    ocus cía bé dlug bías duib
    is uáithe in brug dar búadaib.
  13. 45] Senchas aile-so, is éol dam,
    a chnuic út atá oc Dubthach:
    dorónad, cid mór in mod,
    lasin mBresal mbó-díbod.
  14. Díbad ar búaib bái ria lind
    50] in cach inad i nÉrind,
    acht secht mba is tarb tuilltís tress
    oc cach brugaid ria remess.

  15. p.44

  16. Tócaibther leis in cnocc crúaid
    fo chosmailius tuir Nemrúaid,
    55] co mbad de tísad for nem;
    is é fáth ara fuaibred.
  17. Fir Érend dia dénum dó
    in chnuicc sin uili i n-óenló:
    rothócaib díb giallu in gein
    60] fri hobair in laithi-sin.
  18. Adubairt fris a fiur féin,
    nách leicfed rith don rogréin,
    ní biad adaig, acht lá glan
    co roiched súas in sáethar.
  19. 65] Sínid uaithe a fiur for fecht,
    doní co dron a drúidecht:
    nir utmall grían ósa cind;
    rofasta hí 'sin oen-rind.
  20. Dolluid Bresal, báes rongab,
    70] ón chnucc dochum a shethar:
    dorónsat slúaig deccra de:
    fosfúair i Ferta Cuile.
  21. Luid ina gnáis, ciarbo chol,
    don tsiair, ciarbo shárugod:
    75] frisin cnoc sin sunda amne
    adberar Ferta Cuile.
  22. In uair nár lá dóib iarsin,
    is dóig linn corbo adaig,
    ní dernad in cnocc co cend;
    80] tíat for cúlu fir Érend.

  23. p.46

  24. Atá in cnocc óshin ille
    cen tuilled air ar airde:
    ní ba mó achach ósheo immach
    co tí in bráth briste brethach.
  25. 85] Fland sunna, solus a dán,
    innises sin, ní sóeb-rád:
    rogu sceóil, scáilid mná is fir,
    mebrugaid beóil oc buádaib.

  26. p.48